Ise is Mise
Ag comhshiúl a bhíodh ise is mise fadó,
Ag gáire a bhíodh leoithne i stuaiceanna an cheo;
Ins an spéir do bhíodh gealach i lochán,
Is filiméala ag cantain i dtor sa ghleanntán;
Do bhíodh grá ar a fheabhas ar oíche ghealáin.
Is ansin le monabhar leoithne is uisce
Rinneadh conradh doscaoilte idir ise is mise.
Blianta níos déanai bhí na crainn sa ghleanntán
Gan duilliúr, gan leoithne, faoi sneachta bán, bán;
Bhí laethanta óige le fada gan bhrí,
Is cúramaí ina mílte ag líonadh an chroí,
Is éagaoin na gaoithe go leanmhar ón choill.
Ach d'ainneoin an gheimhridh is búireach na tuile,
Ní bhrisfear an conradh idir ise is mise.
Tá ise is mise go sean cois tinteáin
Is an oíche ag titim mar sneachta bán, bán;
Tá ár súile ag fáil liath mar a bheadh lá ag éalú,
Is neart na bhfeitheoga go beo ag ísliú;
Ach, féach, tá ár ngrá go beo ag neartú.
Go dtí tíortha na hóige atá thall thar an tuile
Sórt gluaiseacht go ciúin atá ise is mise.
Dán sa Bhreatnais, 'Gwenfron a Mi': 'Hedd Wyn', 'sé sin, Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.
Aistriúchán: Barry Tobin.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.