John Breese 1925–1994.

“Mo chreach is mo chás is é an bás a thagann go trom
Nuair a leagtar ar lár an cara ba mhaith linn a bheith buan...”

Rugadh John Breese, an ball ba shine de ‘Comhluadar Caerdydd’, i Machynlleth, Powys, sa bhliain 1925. Siopa grósaera a bhí ag a athair. Bhí a dheirfiúr, Noela, cúpla bliain níos sine agus saolaíodh deirfiúr eile, Marian, seacht mbliain níos déanaí.

Bhí ceol sa tigh acu ó dhúchas agus do sheinnidís beirt, Noela agus John, an cáirdín agus an pianó sna hallaí rinnce ar an mbaile agus mór thimpeall air. Phós Noela go hóg ach chuaigh John go Londain, áit ar bhain sé amach an gradam ba mhó ó’n Royal College of Music. Níor phós sé féin riamh.

Tháinig an cogadh agus chuaigh John isteach in ENSA le siamsa a chur ar fáil do na saighdiúirí. Chaith sé an cogadh san Éigipt agus sa Mheán Oirthear. Tháinig sé slán as nuair a chur na Gearmánaigh long ina raibh sé ag taisteal sa Mhuir Mheán go grinneal.

Tar éis an chogaidh chaith sé seal ródaíochta san Aifric. D’fhoghlaim sé Araibis agus léigh an Córan sa teanga bhunúsach.

Ag filleadh ar ‘Oileáin an Tuaiscirt’, dó chaith sé tréimhse i bPáras na Frainnce le teaghlach ó’n tSín. Deirtear gur léigh sé an Bíobla sa bhFrainncis i rith na laethanta údaí.

I Sasana chaith sé bliain mar mhúinteoir le ceol i scoil ‘phoiblí’ agus bhí ard chlú air mar thionlacaí, ach faoi dheireadh d’éirigh sé as an gceol mar ghairm agus fuair sé post san Oifig an Phoist i Londain. Is ansin a d’fhoghlaim sé an Ghaeilge, i measc na nGael i gKilburn.

Bhí an t-ádh aige aistriú go dtí Abertawe (Swansea) mar ar fhan sé go dtí gur cuireadh ar an bpinsean i 1988 é. Ainsin cheannaigh sé teach beag dó féin i gCaerdydd, áit ar casadh ar lucht na Gaeilge ainsin é.

Ag an am sin bhí rang Gaeilge á mhúineadh ag Barry Tobin agus bhí sé de nós aige oícheanta seanchais a eagrú do na foghlaimeoirí agus cainteoirí líofa dála Patrick Egan. Thagaidís le chéile i dtigh Tim Saunders. Thosnuigh John Breese ag teacht freisin, fear lách, cneasta, cáirdiúil, greannmhar, a raibh bá faoi leith aige do mhuintir na mBlascaod agus dá n-oidhreacht.

I 1989 d’aistrigh na hoícheanta seanchais go dtí tigh John Breese. Chuir sé a shéala féin ar na cruinnuithe – ba gheall le tigh bothántaíochta uimhir a dó Rolls Street, ach amháin gur mhó an dúil a bhíodh ag John i bhfíon rua na Frainnce ná i bhfíon dubh Mhic Aonghusa! Is ar an ábhar sin gur cualathas an focal ‘soirín’ faoi dheireadh thiar thall. D’fhan an ‘soirín’ i dtigh John go dtí 1993, go dtí gur tháinig meath ar a shláinte is gur thuigeadar nár cheart airneán a dhéanamh in a thigh beag croí istigh níos mó.

Is fada a bhéas cuimhneamh ar na soiríní údaí – ar an bhfáilte ionraic ar an trádaire a bhíodh ag lúbadh faoi arán, im, cáis, cístí is soláistí eile, ar na buidéil is na gloiní fíona, na cupáin, na mugaí, an citeal á bheiriú arís is arís eile. Bhíodh ‘Dinneen’ aige, Ó Dónaill, De Bhaldraithe, an ‘Foclóir Póca’ agus is mó an scairt gháire a baintí asainn nuair a chuireadh Dinneen deireadh le plé faoi bhrí fhocail éigin. Ní hannamh gur lean an scoraíocht ar aghaidh go dtí béal na maidine...

Nuair a bunaíodh ‘Comhluadar Chaerdydd’ i mí Eanáir 1994, tháinigh John go dtí an cruinniú, cé nach raibh sé ar fónamh agus d’aontaigh sé go fonnmhar le bunadh agus le lainseáil ‘An Briathar Saor’

Bhí ré na soiríní thart ach bhí fhios againn go léir go raibh fáilte in uimhir a dó Rolls Street i gcónaí agus théadh duine anois agus duine eile arís ar chuairt air le cúrsaí an tsaoil a phlé i nGaeilge bhinn líofa an Bhreatnaigh seo. Sea, Breatnach, mar bhí sé rannpháirteach i ngach a bhain le cúrsaí polaitiúla agus teanga. Bhí sé ina bhall dílis de ‘Plaid Cymru’ (Paírtí Náisiúnta na Breataine Bige) ó na laethanta úd i Londain agus ina Rúnaí sa chraobh áitiúil i gCaerdydd. Ba bhall é freisin, de ‘Cymdeithas yr Iaith Gymraeg’ (‘Cumann na Teanga Breatnaise’), cé nár ghlac sé páirt fisiciúil sna léirsithe le blianta beaga anuas.

Ba Chríostaí é a múnlaíodh i dtraidisiún neamhspleách na mBreatnach agus théadh sé gach Domhnach go dtí ‘Tabernacl yr Annibynwyr’ atá díreach ós comhair na hArdeaglaise Caitlicí i gCaerdydd. Chaith sé roinnt blianta ag aistriú ‘An tOileánach’ go dtí an Bhreatnais (Níor foilsíodh go foill é).

Tógadh go dtí an ospidéal ar 26 Samhain é, áit ar fuair sé bas ar 21 Nollaig. Chuir sé aoibhneas agus suaimhneas ar a chuairteoirí go léir cé go raibh sé ag fáil bháis le hailse.

Tá lucht na Gaeilge i gCaerdydd faoi chomaoin ag an fear aoibhinn seo – ar dheis Dé go raibh a anam lách.

Barry Tobin a scríobh.

******************

A tribute in English

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile