Bhíos díreach chun dul a chodladh ar an mbád farantóireacihta nuair a shroicheamar Ros Láir. Ar ais ar an mbus, bhíos díreach chun dul a chodladh nuair a stopamar ag an gcaifé i bPort Lairge (ná habair nach bhfuil tú eolach faoi an gcaifé sin i bPort Láirge). Ar ais ar an mbus arís, bhíos díreach chun dul a chodladh arís nuair a shroicheamar Corcaigh.
Bhuel, ar aon chuma, ag deireadh an lae, shroicheas An Daingean agus gan aon chodladh ar bith agam go fóill. Shiúlas chomh fada le Ceann Trá agus bhí sé ag eirí dorcha. Chinneas go gcaithfinn an oíche amuigh faoin spéir ar an sliabh a bhí ós mo chionn. Ní raibh aon phuball agam.
Ní raibh aon chodladh agam ach oiread. Chomh luath agus a tháinig solas lae, shiúlas go Dún Chaoin agus shuíos síos taobh amuigh den Café Potadóireachta a bhí dúnta go fóill. Go dtí seo ní raibh aon fhocal Gaeilge (nó Gaolainn i gCorca Dhuibhne) cloiste agam. Bhí sí le feiceáil ar na busanna, ar na tithe tábhairne agus ar na fógraí ach cá raibh an teanga bheo? Chonaiceas sean bhean ag súil thart. Dia dhuit a dúirt mé go dóchasach. Tháinig an freagra Dias Muire dhuit. Bhíos sa Ghaeltacht ar deireadh thiar. Bhíos traochta, ag fáil bháis leis an ocras agus bhí hypothermia orm ach bhíos sa Ghaeltacht
Chun an fhírinne a rá níl sé deacair in aon chor taisteal timpeall na háite mar bíonn daoine lán sásta síob a thabhairt duit ach tá taobh síos ann, mar a déarfar. Tabharfaidh mé sampla duit. Tar éis cúpla nóiméad ag casadh mordóige san aer, tháinig sean-ghluaisteán go tapaigh chugam agus, cé gur mhaoilligh sé agus bfhollasach go raibh sé i gceist ag an tíománaí síob a thabhairt dom, níor stop sé go díreach. Chaith sé an doras ar oscailt agus ghlaoigh sé: Léim isteach go tapaigh, níl aon choscáin agam!" Caithfidh tú an garbh a thógáil leis an mín is dócha.
Pé scéal é. Tá tú ag rá anois cén fáth go dtugtar Lá Breá sa Ghaeltacht ar an alt seo. Tar éis an scéil, tá a fhios ag gach éinne nach mbíonn aimsir bhreá in Iarthar na hÉireann riamh. Ach nílim ag caint faoin aimsir ach faoin sean fhinscéal i leith na Gaeltachta. Ní an bhean sí no an cat mara nó an leipreachán fiú atá i gceist agam ach an Lá Breá. Sin duine a théann go dtí an Ghaeltacht agus gan aon Gaeilge aige ach Tá an lá go breá, abairt a úsáideann sé do chách in ainneoin na haimsire. Ní chreideann tú é seo? Bhuel tá siad ann, táim á rá leat, tá siad feicthe agam. Inseoidh mé an scéal duit. Oíche dhorcha fhliuch (ar ndóigh) a bhí ann i nDún Chaoin agus bhí na daoine go léir cruinnithe le chéile sa phub. Bhí seisiún ar siúl agus bhí mise ar na ceolteóirí. Ansan doscail an doras agus tháinig an ghaoth, an bháisteach agus.....daoine! Scata Gaeilgeoirí as Baile Átha Cliath is dóca. Anois bhíomar ag seimint (cuimhnigh go rabhamar i gCorca Dhuibhne, dá mbéimís i nGaeltacht eile bheimís ag seinnt) agus de dheasca na raice a bhí á déanamh ag na daoine seo agus iad ag cur feabhais ar a gcuid Ghaeilge ba dheacair dúinn sinn féin a chloisteáil. (Ar nós an B.B.C., ba dheacair sinn féin a chloisteáil ar an B.B.C. go dtí le déanaí!).
Pé scéal é , déirigh mé as an ceol agus thug mé iarracht an beár a bhaint amach agus ar mo bhealach céard a tharla? Tháinig bean chugam, bean nach raibh aon aithne agam uirthi agus duirt sí Tá an lá go breá. Bhuel bhíos i bponc. Táim ag rá leat anois nach raibh tuairim dá laghad agam céard a bhí i gceist aici. Bhí sí thart fán mheán oiche faoin am seo is mar sin ní lá a bhí ann ach oiche agus freisin bhí an aimsir taobh amuigh chomh holc agus is féidir a shamhlú. Ansin bhí eagla orm. Bfhéidir gur spiaire í. Bfhéidir gur cheap sí gur mise a Contact agus bhí na focail tá an lá go breá ina saghas cód rúnda. Bhuel bhi orm rud éigin a rá agus mar sin dúirt mé, Níl! níl sé go breá, tá sé uafásach agus is lár na hoíche é pé scéal é.
Bhuel céard a déarfása. Tá an lá go breá a dúirt sí arís. Ansin déirigh mo chroí nuair a rith sé liom. Seo finscéal cúpla troigh uaim!"
Bhí fíor lá breá agam. Bhí na scéalta fíor. Tá siad ann! Ní fhaca mé leipreacháin ríamh agus nior chuala mé bean sí riamh ach oiread ach má tá an Lá Breá ann bfhéidir go bhfuil na cinn eile ann freisin. Bfhéidir go bhfeicfidh mé iad ar mo chéad turas eile. Breathnaigh ar an spás seo!
Pé scéal é, sin agat mo scéal anois. Bíodh Lá Breá agat mar a deirtear i Meiriceá!
Stephen Yates.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg