Lá dá raibh...

Agus mé im’ shuí go compórdach sa gháirdín cúpla lá o shoin agus ag faire ‘le monde qui passait’, siúd trasna na spéire scairdeitleán a bhí chomh hard sin ‘sa bhfirmimint nach raibh d’fhianaise air ach an sruthán de cheo bhán a bhí á stealladh thiar as a thóin agus á leathnú amach tríd an spéir ghorm. Ach nach bhfuil a leithéid le feiscint gach aon lá de na laetheannta seo? Fiú os cionn an Fhearainn Fhuar nó Chnoc Mhuire agus áiteanna níos iargcúlta fós!

Cad is fiú mar sin é, an scairdeitleán? N’fheadar ach gur chuir sé ar bhóthar chuimhne na hóige mé. Shamhlíos pictiúirí ó fhichidí na haoise seo. Nach fadó riamh átá na fichidí anois? Nach bhfuil siad níos faide siar ó thráth bheannaithe seo na nóchaidí ná mar a bhí aimsir na bhFiann, agus fiú an Rúraíocht ó na fichidí? Ar ndóigh bhí eitleáin le feiscint sa spéir nuair a bhí mise im’ ‘chiseller’ ar shráideanna pharóiste Phádraig na Rinne i mBaile Átha Cliath. Bhí, agus gluaisteáin parcáilte fan an bhóthair ag síneadh amach ó Pháirc Síol Bhroin nuair a bhíodh rásai na gcon ar siúl istigh sa pháirc sin.

Bhuel, i measc na gcomharsan ní raibh ach fear amháin go raibh gluaisteán beag aige. Fear óg creidiúnach ab ea ach ní de bhárr an ghluaisteáin go raibh meas ag an bpobal air, mar sna laethanta úd ní raibh meas an phobail ag brath ar mhéad do ghluaisteáin. Is é an capall a bhí fós i mbarr a réime. Ní raibh ach beirt den chosmhuintir go raibh ‘pony and trap’ acu. Láir dhonn a bhí béasach cáirdiúil nuair nach raibh aon ‘tram’ ag tarraingt suas cliathánach léi, agus stail dubh slim lúfar láidir a bhí ag m’athair féin, agus théimis amach san ‘trap’ gach tráthnóna Domhnaigh. Nár bhreá ar fad an saol é ag garsún an-óg agus ag a dheirfiúr agus ag a mháthair an t-athair ag gléasadh na lárach –- ní shuídhfeadh mo mháthair isteach sa trap da mba é an stail a bhéadh á ghléasadh aige – agus nach éadmhar a bhí na gasúir eile (cé go dtugadh sé marcaíocht dóibh ó am go ham). Bhí aon fhear eile go raibh ‘pony and trap’ aige agus cad deire ach go raibh díon cadáis, ornáideach, triopallach os cionn lucht an trap sin – an “Surrey agus an fringe on top” mar a déarfá!

Ní amháin sin. Nár bhreá leat boladh na gcapall sa stábla? Agus saol na ceártan nuair a bheadh gá le crú. Is ann do bhíodh cráin mhuice agus a hál. Eagla orm roimpi agus roimh an ghnúsachtach. Ach bhíodh m’athair liom.

Bácús béal dorais de’n cheártain agus stáblaí na gcapall ann. Ní ag gach éinne a bhíodh capall. D’fhéadfá siúil go lár na cathrach fé fhiche nóiméad agus muna raibh an fiche nóiméad agat bhíodh na tramanna ag gabháil thart, soir agus siar, pingin go leith do dhaoine fásta ó Mhuileann Uí Bheóláin go Gallán Nelson i Sráid Uí Chonaill (do leagadh an gallán agus an mairnéalach aon-tsúileach blianta ó shoin).

Ní cuimhin le morán d’áitritheoirí na hardchathrach gur Brunswick Street a bhí an uair sin ar Shráid an Phiarsaigh, agus Sackville Street ar Shráid Uí Chonaill. Ach ag tagairt do logainmneacha dom, is cuimhin liom dul sa 'trap', nó sa tram, tar éis dom’ athair na capaill a dhíol, go Kingstown. Cá raibh baile sin an Rí? Bhuel, athraíodh an t-ainm ‘sna meán fhichidí go
“Dunn Lock Air” mar a thug gramaisc na sráideanna air, ach ní fada ar scoil dos na ‘chisellers’ gur thuigeadar gurbh é Dún Laoghaire an t-ainm ceart.

San am sin fosta ‘Queenstown’ a bhí ar an gcalafort á d’fhág m’athair, agus mo mháthair, agus iad araon óg blianta roimhe sin, ag triall go Bostún agus Nua Eabhrach fá seach. Is ann do chasadar ar a chéile. Tháinig mo mháthair thar n-ais go Queenstown agus m’athair go luath in a diaidh, gur phósadar i bparóiste na Rinne. Nuair a scriosadh Kingstown as béalaibh an phobail níor thaise do Queenstown é. Dún Laoghaire
(Dunleary as Béarla anois!) agus Cóbh (nach bhfuil aon Bhéarla air) thar n-ais i réim arís. Ach is chun Dublin agus Cork agus Galway agus Belfast a thagann na scairdeitleáin na laetheannta seo.

Nach bhfuil a n-ainmheacha ársa ag gach aon bhaile sin, agus logainmneacha atá fréamhaithe in úir bheannaithe ár dtírín féin? Bhfuil gaisce le déanamh? Cad déarfadh laochra na Cásca? Cad deirimidne?

Séamus Ó Conchubhair, Rotherham, Yorkshire Theas, a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile