Liathróid Láimhe

Cúirt Liathróid Láimhe sa Bhreatain Bheag

I Nelson, i gCwm Rhymni (Gleann Rhymney) i nDeisceart na Breataine Bige, geall le 15 mhíle ón ardchathair, Caerdydd, tá cúirt liathróid láimhe, cúirt trí bhalla 60 x 30, a gcreidtear gurb é an t‒aon cheann dá shórt a tógadh sa Bhreatain. Ní heol dúinn go cruinn an dáta ach an chuid is mó de na húdair deir siad gur sna 1860aí a tógadh é. Tá cuntais ag Mr. T. Vaughan Jones, staraí san Iarsmalann Oidhreachta Sain Ffagan, Caerdydd, faoi chomórtais liathróid láimhe a bheith ar siúl ar fud Dheisceart na Breataine Bige agus in áiteanna faoi leith cosúil le Llantrisant, Porth, Caerdydd agus Burrows Court in Abertawe (Swansea) thart fá dheireadh na haoise seo caite. I mbliana ní raibh dul as ach na comórtais i Nelson a chur ar ceal toisc go raibh staid na cúirte chomh dona sin is go raibh sé ró chontúirteach a bheith ag imirt ann. Tá súil againn, áfach, go mbeidh cóir cheart uirthi sar i bhfad.

Ins na 1860aí bhí tarraingt mhór Éireannach ar Dheisceart na Breataine Bige. Chuir an Gorta Mór 1845‒1850 ar go leor acu teacht go dti an Bhreatain Bheag le bia agus obair a fháil. Leis an tionscalaíocht iarainn agus guail agus an Réabhlóid Tionscalaíochta d’éirigh Nelson ina phointe comhtheagmhála le dhá stáisiún traenach a bhain leis na comhlachtaí Great Western agus Taff Vale fá seach. Bhí an baile ag cur thar maoil le hoibrithe agus bhailíodh na hÉireannaigh san lárionad teagmhála, an Nelson Inn, ar leis an Eastát Llechwen é. Ffos‒y‒Gerddinen (Clais an Chaorthainn) ab ea ainm na háite sa Bhreatnais, ainm a bhí sách deacair le strainséirí a rá. Mar sin dhéanaidís coinne bualadh le chéile sa ‘Nelson’ agus glacadh leis mar ainm an bhaile sa deireadh.

D’imrídís liathróid láimhe i gcoinne balla chothroim an tábhairne sin. Gan a bheith ró‒fhada ón áit, áfach, bhí an Royal Oak, tábhairne ar leis an Eastát Wingfield and Macintosh é. Leis na custaiméiri a mhealladh d’aontaíodar le cúirt a thógáil ar a gcuid talaimh féin in aice leis an tábhairne. D’éirigh an Royal Oak ina cheanncheathrú liathróid láimhe agus d’éirigh an chúirt féin ina ‘anam liathróid láimhe sa Bhreatain Bheag’ mar a dúirt Tom O’Connor, Cathaoirleach don Chumann Liathróid Láimhe Aon Bhalla.

Bhí comórtais ann go dtí na 1940aí ach ins na 1950aí bhí an tsuim sa chluiche ag dul i léig agus sa tréimhse sin chuaigh an chúirt as úsáid. Bhí iarrachtaí fánacha leis an cluiche a athbheochan le comórtais go dtí gur bunaíodh Cumann Liathróid Láimhe na Breataine Bige i 1987 leis an cluiche a chomheagrú timpeall ar Nelson. Bhí imreoirí ag dul go hÉirinn le dul in iomaíocht ach bhíodar thíos leis go mór mar go raibh ceithre bhalla ag na cúirteanna Éireannacha 60 x 30 agus ag na cúirteanna taobh istigh domhanda 40 x 20 go léir . Ní raibh aon áiseanna dá sórt acu abhus.

Mar sin féin, i mí na Bealtaine, 1995, tionóladh an Chéad Ilchomórtas Liathróid Láimhe Aon Bhalla Eorpach i Nelson inar ghlac Meiriceánaigh, Éireannaigh, Sasanaigh, Beilgigh is na hóstaigh áitiúla páirt. Tagann na sleachta seo leanas as an Eton Fives Yearbook, 1994 ‒ 95:‒ “Admhaím go raibh an aimsir thar barr, ar ndóigh, ach d’iarrfainn ort cúirt a shamhlú dhuit i gceartlár baile bhig sa Bhreatain Bheag, le teach tábhairne go beo ar thaobh chlé na cúirte, le hardán tithe sraithe fá dheis agus an bóthar mór is na siopaí sa chúl. Ar lá na gcluichí ceannais d’fhéadfá dul i measc an tslua mar a raibh an lucht féachana áitiúil, Alistair McKenzie agus David Barnes den Rugby Fives, Seán McEntee, Uachtarán Liathróid Láimhe na hÉireann agus Paul Williams an tEagraitheoir Liathróid Láimhe Aon Bhalla i Nua Eabhrach (mar atá níos mó ns 2,000 cúirteanna). Scríobh Tom O’Connor:

“Chonaiceamar anam liathróid láimhe sa Bhreatain Bheag an Bealtaine seo. I mbliana d’éirigh an chúirt ansin ina lárionad de shaol an bhaile bhig. Aiséiríodh go glórmhar an cluiche Éireannach liathróid laimhe aon bhalla le linn deireadh seachtaine a raibh an aimsir chuige go hidéalach. Chonaiceamar an cluiche mar a chéad‒cheapadh é, cluiche sráide, cluiche an phobail, é dírithe ar na leanaí ach go háirithe.”

Bhí an chúirt ag taispeáint gurbh fhiú í. Tá gá anois lena cóir is fearr a chur uirthi i gcoinne cluichí na todhchaí. Is ná bíodh imní ar éinne, beidh cluichí ann sa todhchaí.

D’fhéadfaí an chúirt i Nelson a úsáid don chluiche trí bhalla agus tá sí idéalach don chluiche aon bhalla a gcreideann a lán daoine a bheith idéalach le rialacha imeartha cothroma a sholáthar i gcóir fíor liathróid láimhe idirnáisiúnta. Ba é bun‒chluiche na hÉireann é agus tá breis agus 2,000 cúirteanna i Nua Eabhrach, a bhuí le Charles J. O’Connell áirithe.

Tá stair an chluiche thar a bheith tarraingteach le léargais nua ag éileamh go scríofaí arís an stair sin go bunúsach. Imríodh an cluiche aon bhalla sa stát Zacatechs i lár Mheicsiceó le beagnach 5,000 bliain agus tá geall le 400 cúirteanna sa stát sin anois. An raibh an cluiche sin ar an saol roimh an gcluiche in Éirinn?

Sa bhaile Franeker i bhFriesland, dúiche traidisiúnta liathróid láimhe san Ollóin, tógadh dhá chúirt aon bhalla le déanaí i lárionaid aer‒oiriúnathe spóirt taobh istigh.

I 1996 tá an Bheilg ag fáiltiú roimh an Dara Ilchomótas Eorpach Aon Bhalla.

I 1997 beidh an cluiche aon bhalla san áireamh ag na comórtais Chraobh an Domhain i gCeanada.

I 1995 chuaigh Coláiste Malvern go hÉirinn le dul in iomaíocht le Bré, Dún Garbhán, An Cabhán agus Bealach an Doirín agus le taithí luachmhar a fháil.

Ins na 1950aí, san Acadamh Bhaile Meánach (Co. Aontroma), mar is cuimhin le George Burton, an múinteoir le matamaitic, bhí Ken Paisley, arbh uncail dó an tOirmhinneach Ian Paisley, ina imreoir liathróid láimhe an‒mhaith sa scoil mar a raibh an‒tóir ar an gcluiche.

Idir sin go léir is uile taispeánann an cluiche aon bhalla é féin a bheith ina nasc bunúsach ag cruthú todhchaí idirnáisiúnta i gcóir liathróid láimhe.

Is féidir a thuilleadh eolais a fháil as:

Jones, H.J.: Nelson Handball Court and its players, 1860 ‒ 1940.

McElligolf, Tom: The story of handball, the game, the players, the history. Baile Átha Cliath, Wolfhound, 1984.

©: Joe Moore, 1997. Is as Contae Ard Mhacha an t‒údar atá ina Chisteoir, Fóram na Breataine Bige um an nGorta. Aistriúchán ón Bhéarla: Comhluadar Caerdydd.

An Briathar Saor Uimh. 4.

English

Abhaile/Home