Leanaí Trawsfynydd 1915
Dá dtiocfadh sibh abhaile go dti dúchas bhur n-aitheantais,
D'fheicfeadh sibh é mar a bhíodh fadó,
Sneachta cosúil le loingeas álainn faoileán
Ar thaoide na gaoithe.
D'fheicfeadh sibh cuisne an gheimhridh gan gháire
Ar shliabh is ar mhóinteach;
Do chloisfeadh sibh an cuaifeach mar a bheadh stoirm déithe
I gceartlár na hoíche.
Anseo atá cillíní beaga folamha faoin tsín:
Tá siad balbh is gan bhrí,
Agus tá an ghaoth ag cuardach i ngach seomra is cistin
Ag iarraidh sibh a aimsiú sa tslí.
I gcéin tá an t-aos óg ba shuairc a ngáir –
Is iad a bhíodh ag siúl timpeall na háite;
Is tearc iad a théann go dtí 'Y Bont' is 'Y Merddwr'
Anois ar a seal.
Ag cur bhur dtuairisce le guthanna cloíte
Atá an ceantar go léir;
Sibhse i bhfad uainn mar a bheadh duilleoga scaipthe,
Ar fán trasna an domhain.
Cuid agaibh i gcoire na gcathanna
Ins an gcogadh thall,
Is dordán gan sos ó na gunnaí móra
Mórthimpeall oraibh gan stad.
Cuid eile ag fánaíocht sna tíortha i gcéin,
Deoraithe ar a ród,
Is in a gcroíthe tá cuimhne na Nollag
Sa tsean áit fadó.
Pé áit ina bhfuil sibh, leanaí Trawsfynydd,
Ar fud an domhain,
Aige baile tá roinnt éigin cois a dtinteán
Ag cuimhneamh oraibh go léir.
Ní féidir le bhur n-achar fada uainn
Sibhse a ghlanadh as ár gcuimhne,
A leanaí na sléibhte áille;
Croí le croí a sheasann siad fós
Cé go bhfuilimid scartha.
Agus nuair a thagann fé∂ile na Nollag thar bráid
Don domhan go léir,
A leanaí Trawsfynydd, armtha nó a mhalairt,
Aoibhinn go mbeadh bhur mbeatha.
Dán sa Bhreatnais, 'Plant Trawsfynydd 1915': 'Hedd Wyn', 'sé sin Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.
Aistriúchán: Barry Tobin.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.