Litreacha don Eagarthóir

Waterlooville,
Hampshire.

A Eagarthóir, a chara,

Ag foghlam ón mBreatnais?

Go raibh maith agat as cóip den chéad eagrán den Bhriathar Saor a chur chugam sa phost.

Tá an-áthas orm go bhfuil ár n-iris féin sa Ghaeilge againn anois agus gur i gCaerdydd na Breataine Bige a bhfoilsítear í, mar tá go leor le foghlaim ag lucht na Gaeilge, in Éirinn agus thar lear, ón mBreatnais is ó Bhreatnaiseóirí.

Mar shampla: tá foclóir beag Breatnaise agam, mar atá an Collins- Spurrell Welsh dictionary, a foilsíodh don chéad uair i 1960. Bhí cáil i gcónaí, go bhfios dom, ar fhoclóirí mhuintir Spurrell ar fud na Breataine Bige ar feadh breis is céad bliain.

I gcás an fhoclóra seo, a bhfuil roinn 'Cymraeg a Saesneg' i Breatnais / Béarla agus roinn Béarla / Breatnais ann (maraon le réamhrá le D. Lloyd-George), tá liosta de 86 ainm baiste Breatnais / Béarla ar leathanach 168 maraon le liosta de 146 áitainm Breatnais / Béarla ar leathanaigh 169-170, is é sin ar na leathanaigh idir an dá roinn sa bhfoclóir.

Teastaionn dhá liosta ar leith den sórt sin, d’ainmneacha baiste is d’áitainmneacha, go géar orainn inar bhfoclóiri Gaeilge féin (muna bhfuil praiseach ró-mhór déanta cheana féin ag na ‘heolaithe’ in Éirinn de na háitainmneacha céanna).

Gura fada buan don Bhriathar Saor is do lucht a fhoilsithe agus nárbh fhada uainn an lá go mbeidh an iris seo ar fail go ráithiúil.

Beir bua is beannacht,
Séan Mac Craith.



******************

1 Asplanád Bhuait,
Baile Bhuait Theas,
Na Dugaí,
Ciardubh CF1 6BD.

A Chara,

Caerdydd / Céardaif / Ciardubh?


Is mór an clú daoibh baill ‘Chomhluadar Caerdydd’ is údair leis an mbeart gur sibh (go bhfios domsa, ar aon chuma) na chéad daoine a dhírigh ar pháipéar déanta Gaeilge a chur amach abhus anseo. Rath ar an obair!

Mar sin féin, tá gné den scéal ab áil liom a réiteach libh.

Mar is eol do riar maith daoine – tar éis an tsaoil ní haon rún míleata é! – má bhraithneofar ar léarscáil na Suirbhéireachta Ordnáis Bhaile Átha Cliath, gheofar láimh le Fionnghlas i mB.Á.C. Thiar Thuaidh :-

Bóthar Dhroichead Chiarduibh; Ascal Dhroichead Chiarduibh.

Sa chlár aibítreach leis an léarscáil gheofar freisin tagairt do :-

Cardiff Bridge Road; Cardiff Bridge Avenue.

Tá ‘Cardiff Bridge’ agus ‘Cardiff Castle’ ann freisin.

Is léir (gan bacadh le cibé ceann acu an leagan Gaeilge nó an leagan Béarla a bhain an ceann den scéal) gur ó shloinne – .i. Ó Ciarduibh nó Ó Ciardhuibh – a thagas an ‘Cardiff’ úd. Ach ó tharla go mbíonn sé chomh neamhchoitianta sin mar shloinne, is dóichí is mó a thabharfadh ‘Cardiff’ – i dtaca le ‘Cardiff Castle’ ‘Cardiff Bridge’ agus araile thall – an chathair seo againne i gceann an choitinn ná an sloinne úd.

Mar sin de, cad chuige a ndearna sibh ‘Caerdydd’ a thabhairt isteach, de rogha ar leagan Gaeilge – .i. Ciardubh, nó in a ionad sin, leagan (neamhdheimhnithe) mar ‘Céardaif’ – in ainm bhur eagraiochta? Ar an ábhar, b’fhéidir, go ndlitear dínn uile Éireannaigh nó cibé ar bith muid ómós a thabhairt do na Breatnaigh? Más ea agus gach uile short a chur san áireamh, ní dhéanfaidh sin cúis.

Deirimse libh gur saothar in aisce é féachaint le hionad a bhaint amach do Ghaeilge abhus, cur i gcás sa chóras oideachais, nuair is teanga Éireannach go suntasach í. Dá bhrí sin, má bhíonn aon dul chun cinn i ndán uaidh seo amach do Ghaeilge abhus, ní mór, le himeacht aimsire, a dhóthain d’aitheantas mar (mhion-) teanga mhuinteartha Bhriotanach a bhaint amach di os comhair an phobail.

Fágann sin go mbíonn cúis mhaith ann aird a thabhairt ar ‘the Cardiff Irish’ – bíodh is nach Éireannaigh a thuilleadh iad sin, i dteannta a chéile, is féidir a rá gur ar a laghad is Briotanaigh Íbearnaithe iad. Ní móide go n-imeodh ‘agus an dá láimh chomh fada le chéile’ dá n-éileodh siadsan ar na boic mhóra abhus go dtabharfaí teanga a sinsearachna isteach i scoil nó dhó i gCiardubh Theas (in ionad Breatnaise, is cosuil)!

Mar is eol don saol ní bhíonn cion ag ‘the Cardiff Irish’ ar na Breatnaigh, ná ar a dteanga dhúchais sin ach chomh beag. Más ea, má bhíonn ciníochas i gceist sa scéal (nach dtugtar anseo ach leid faoi) tá mé ag ceapadh go mbeidh déistin ar mhórán daoine leis. Ar a shon sin, ó tharla nach ciníocha ar dhóigh ar bith sa chás seo na dreamanna a tháinig salach ar a chéile, ní móide go mbíonn baint ag ciníochas leis an scéal.
Feichtear domsa dá bhrí sin nach mbíonn a bhac oraibhse a admháil go mbeidh baint dhoseachanta uaidh seo amach ann idir dul chun cinn na Gaeilge i gCiardubh – i gCiardubh Theas ach go háirithe – agus a bhfuil i ndán do ‘the Cardiff Irish’.

Tá sé ríthabhachtach ó thaobh na Gaeilge de, mar sin, go mairfidh ‘the Cardiff Irish’ ag diúltú do chomhshamhlú chun go gcuirfear i dtuiscint i ndeireadh báire dóibhsean gurb í an Ghaeilge ní amháin teanga dhúchais lucht teite an Ghorta Mhóir ar dá sliocht iad: ach, más mian leo, a dteanga dhúchais-sean freisin. Mar sin de, cén mhaith chuige sin an cumann 'Breatnach’ is mór agaibh de réir dealraimh?

Mise le meas,

S.T.Ropaigéalach.



******************

161 Wrightman Road,
London N8 OBB.

A Eagarthóir a chara,

An tSíocháin agus Díol na nGunnaí Móra.


I gceist síothchána na hÉireann, tá fadhb mhór le réiteach. Sé sin go mbrathann Sasana ar fad ar sochar a gheibheann sí ó dhíol na ngunnaí móra, na dtrealamh cogaidh, na bpléascán ‘cliste’. Sé sin le rá, ní féidir léi bheith beo gan ár. Is ar an ár a mhaireann sí agus a chothaíonn sí a líonraí daonna.

Ise a chothaigh an trioblóid sa Mheán Oirthear ó na dachadaí i leith, go dtí an lá inniu. Samplaí: Bhí timire Shasana, Sir John Troutbeck, i gceannas ar ghnóthaí an Mheán Oirthir ag deire an Chogaidh, agus thug sé le tuiscint go mbeadh sé i gcoinne chuspóirí Shasana síocháin a bheith sa taobh tíre sin. Agus i ngeall ar an scéal sin rinne muintir rialtais Shasana gach entente idir Arabaí agus Isréalaí a bhlocáil.

I rith an ama lig Britannia uirthi gur theastaigh uaithi séan, sonas agus síoth a chur ar fáil. Tháinig Philby go comharsanúil, ceansa, chuig na Whahaibítí, agus gheall dóibh go dúrachtach go dtabharfaí dóibh na tailte a bhí geallta cheana féin do na Hachamaítí ag Labhrás na hAráibe. Chun go mbeadh an dá náisiún seo de shíor i ngleic an bháis faoi an talamh a gealladh. Tír bhocht na Síre, gealladh í do hArabaí agus tugadh do na hEorpaí í. Do Shasana agus do’n Fhrainc ar ndó. Cé eile?

Tá a fhios againn go léir an dóigh go ndearnadh ‘síocháin’ sa Phailistín. Gealladh i do Síonaistí, agus do hArabaigh, fá seach. Scéal nach féidir a shocrú go deo. Ag féachaint ar na ceisteanna seo dúinn, is féidir linn a fheiceáil go bhfuil a mhacsamhail de chóras agus de straitéis á úsáid ins na 'Sé Chontae' s’againne, agus mian ag Britannia nach leigheasfar go deo an lot, ach go mbeidh an chneá ag déanamh ábhair go deo deo, gan sos, gan staonadh. Mar deir Sasana go bhfuil ordú faighte aici ó Dhia an saol a rialú. Cead aici cíor thuathail a dhéanamh de. Go deo na síoraíochta.

Mise le meas,

Tomás an tSíoda.



******************

84 Pulleyns Avenue,
East Ham,
Londain E6 3LZ.

A chara,

An tUncal Patachas.

Thug an tOllamh James O’Connell léacht ag an 11ú Comhdháil Idirnáisiúnta Ceardlann Staidéar Éireannach i Leicester i mbliana. "Can Small Cultures Survive?" arbh é teideal an léachta sin. Is ar éigin gur cuireadh tús leis an léacht agus bhí sé soiléir go raibh an teanga dhúchais marbh de réir an léachtóra féin. Sul a tháinig an lucht éisteachta isteach sa halla dáileadh bileog "An Briathar Saor" amach i ngach áit agus bhí breis is céad daoine i láthair. Cinnte, ní raibh Gaeilge acu go léir. Seans go raibh leath-chuid díobh ina nÉireannaigh den dara glúin agus in easnamh staitiscí measaim go raibh roinnt mhaith Gaeilge ag ar a laghad 10% acu. Muna bhfuil a leithéid de cheatadán ró-shásúil measaim go bhfuil sé ró-luath fós feartlaoi a rá thar an nGaeilge.

Tá sé de nós ag lucht na n-ollscoileanna a gcuid focal a mhíniú, cé go mbíonn dallamullóg i mbrí na bhfocal sin minic go leor. Mar shampla bíonn a lán tagairtí faoi "Post-colonial". Sa tír bheag s’againne tá an coilíniú cultúrtha i lán réim, gan trácht faoi na heileacaptair ag síor-fholuain thar na 6-Chontae agus fiú taobh ó dheas den teorainn. Ní mór dom admháil go bhfuil focal cumtha ag lucht ollscoileanna le haghaidh tuairimí mar sin: 'Simplistic'! Dar liom tá míniú beagán saonta (simplistic) sna trí choinníoll ag teastáil ón bhfocal 'Náisiún' de réir mhíniú an ollaimh sin, mar a leanas:

1) Baint ag daoine le píosa éigin talúin;
2) Stair á roinnt ag daoine ;
3)Mothú ag daoine bheith páirteach le chéile.

Ait go leor ní raibh tagairt aige faoin teanga sna coinníollacha sin.

A bhuíochas do Jean-Paul Sartre, b'fhéidir, tá focal maslach ag an Ollamh ar an smaoineamh go bhfuil tréithe bunúsacha Éireannacha ann. Is é sin "Essentialism", teoric an-simplistic, an dtuigeann sibh! D’éirigh Sartre as teoiricí mar sin agus é ag moladh an eiseachais (existentialism). Tá eiseachas Éireannach mar theoiric ag O’Connell, teoiric atá cosúil leis an teoiric a bhí molta ag athbhreithiúnaí (claonseanchaí) eile, Roy Foster. Thug Foster léacht i dtaobh ‘Varieties of Irishness’. Bhéadh sé níos cruinne a rá gur ‘Varieties of Assimilation’ a bhí i gceist aige.

Bhain an tOllamh Ó’Connell feidhm as an ‘Irish Post’ chun roinnt staitiscí faoi thuairimí Éireannacha sa Bhreatain Mhór a bhailiú. Níl aige-sean ná ag claonseanchaithe eile ach ionannas staitisticiúil. Measaim gur féidir 'status-quochas' a thabhairt ar ionannas mar sin. Is féidir í a fheiceáil go minic i saothair lucht ‘Field Day’. Nach sinne atá go hiontach agus Béarla breá líofa ar ár dtoil againn!

Is Ollamh le Staidéir Shíochána é James O’Connell in Ollscoil Bradford. Nach bhfuil boladh éigin Orwellach ag baint leis an roinn ollscoile sin? In ionad 'Post-' (post-colonial, post-modern agus a leithéid) nach bhfuil réimír eile ag teastáil? Saghas staidéir ‘Réamh-chogadh’ atá san áireamh. Muna raibh cogadh san 6-Chontae le breis is scór bliain is dócha go raibh réamh-chogadh ann. Pé acu, measaim go bhfuil ábhar stadéir ann ag an roinn síochána sin agus sin é an ceannas polaitiúil is cóngairí do Bhradford. Ní cuimhin liom staidéir ar chúrsaí síochána sna 6-Chontae á fhoilsiú ag Ollscoil Bradford. Ní bhéadh rialtas Shasana ró-shásta leis a leithéid. Mar sin b’fhearr leis an roinn sin stadéir shíochána a dhéanamh i gcéin ná abhus. Sin é an fáth go raibh tagairt sa léacht i dtaobh a lán náisiún go raibh fadhbanna acu agus teangacha eachtrannacha ag bagairt nó ag brú orthu gan comparáid a dhéanamh le cúrsaí na hÉireann.

Rinne sé árd-mholadh do Joyce agus do Kafka. Ní raibh trácht aige ar an athrú a tháinig ar Phrág ach níor tháinig ar Bhaile Átha Cliath. Nuair a bhí cónaí ag Joyce i mBaile Átha Cliath ba chathair Ghallda í. Is cathair Ghallda fós í. Nuair a bhí Kafka ag scríobh i nGearmáinis ba chathair theanga Gearmáinise í Prág seachas an ísealaicme. Anois, cé go bhfuil Gearmáinis ag roinnt mhaith daoine mar dhara teanga is cathair theanga Seicise amach is amach í. Muna bhfuil dul chun cinn ag teanga dhúchais na hÉireann cosúil lena lán mionteangacha eile is é ceann de na fáthanna ná go mbíonn an iomarca seoiníní ar nós James O’Connell againne. I dteanga eachtrannach eile tugtar 'Trahison des clercs" ar sin.

Nuair atá Éireannaigh toilteanach an Ghaeilge a chur faoin gcré agus an Béarla a aithint mar Theanga Mháthartha tá siad cosúil le hUncal Tom na nGormach, dar liom. Timpeall 5 bliana ó shin i Leicester, bhí an tOllamh O'Connell ag maíomh as an mBéarla mar a theanga mháthartha. Ón léacht a thug sé i mbliana san áit chéanna bhí sé soiléir nach raibh aon athsmaoineamh aige ar an ábhar sin. Bhí dréacht-leagan an léachta cló-bhuailte fiú le ceannach ar 50p an cóip. In a dhiaidh sin is uile, chomh maith lena chuid chéimeanna eile bheadh sé deacair dom gan admháil go bhfuil gradam 'Uncal Pat' tuillte aige freisin.

Mar fhocal scor ní raibh gach léachtóir i Leicester cosúil leis an Uncal Pat sin. De réir foclaíochta Foster bhí éagsúlacht tuairimí acu.
Le meas,

Pádraig Ó Conchúir.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile