Llŷn

Céard faoi an tír:
An áit ina mbíodh séideán Porth Neigwl
Ag cromadh dromanna
Is an bháisteach á bhfliuchadh
Nuair a bhí fionnán an choimín
Ag cigilt na súl ar an bpatachán?

Is ann atá cnámha teanga ag feo
In uaigheanna tanaí
Is na leanaí ag tuisliú sna tuisil
Is níl an tsean‑ghlúin á dtuiscint.

Tháinig am an díolacháin:
Tá an t‑ór níos buí ná lorg
Na gealaí ar an díle
Is na puntaí níos poiblí
Ná an fraoch ar Y Foel.

Is doiligh a bhíos feiscint
Leis na pinginí ar na súile.

Moses Glyn Jones a chum.

Rugadh Moses Glyn Jones i nGwynedd i 1913 agus foilsíodh Llŷn ina leabhar is déanaí: ‘Y Dewin a Cherddi Eraill’ (‘An Draoi is Dánta Eile’), a foilsíodh ag Cyhoeddiadau Barddas sa bhliain 1993. Fuair sé bás i 1994 cúpla mí tar éis dúinn an t‒aistriúchán seo a fhoilsiú.

Porth Neigwl: deirtear ‘Porth Nigh‑gul’: cuan ar chósta Pen Llŷn idir Abersoch is Aberdaron. (‘Pen Llŷn’ = (beagnach!) ‘Ceann Laighin’)
Y Foel: deirtear ‘Uh Voyl’: cnoc áitiúl (‘An Maol’).
Llŷn: deirtear (beagnach!) ‘Chlín’

Leagan Gaeilge bunaigh le Barry Tobin.

Leagan eile, 2008

Sa Bhreatnais / Yn y Gymraeg

Ar ais go dtí / Back to / Yn ôl i:

An Briathar Saor Uimhir 1

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Leathanach Baile / Hafan / Home Page