Llŷn



Céard faoi an tír:
An áit ina mbíodh séideán Porth Neigwl
Ag leagadh na ngasanna
Is an bháisteach á bhfliuchadh
Nuair a bhí fionnán an choimín
Ag cigilt na súl ar an bpatachán?

Is ann atá cnámha teanga ag feo
In uaigheanna ísle;
Is na leanaí ag tuisliú sna tuisil
Is níl an tsean‑ghlúin á dtuiscint.

Tháinig am an díolacháin:
Tá an t‑ór níos buí ná lorg
Na gealaí ar an díle
Is tá na puntaí níos poiblí
Ná an fraoch ar Y Foel.

Is doiligh a bhíos feiscint
Nuair a luíos na pinginí ar na súile.



Moses Glyn Jones a chum.

Rugadh Moses Glyn Jones i nGwynedd i 1913 agus foilsíodh Llŷn ina leabhar is déanaí: ‘Y Dewin a Cherddi Eraill’ (‘An Draoi is Dánta Eile’), a foilsíodh ag Cyhoeddiadau Barddas sa bhliain 1993. Fuair sé bás i 1994 cúpla mí tar éis dúinn an chéad leagan sa Ghaeilge a fhoilsiú.



Nótaí

Porth Neigwl: deirtear ‘Porth Nigh‑gul’: cuan ar chósta Pen Llŷn idir Abersoch is Aberdaron. (‘Pen Llŷn’ = (beagnach!) ‘Ceann Laighin’)
Y Foel: deirtear ‘Uh Voyl’: cnoc áitiúl (‘An Maol’).
Llŷn: deirtear (beagnach!) ‘Chlín’.



An leagan Gaeilge nua seo le Barry Tobin, 21 Nollaig 2008.
Tá an leagan seo bunaithe ar chomfhreagrachas idir an scoláire Breatnaise Cennard Davies agus Colin Spencer, Sasanach a bhfuil an Bhreatnais, an Ghàidhlig agus an Ghaeilge ag a thoil aige.
Tá sé ar intinn ag Colin an dán álainn seo a aistriú go dtí an Ghàidhlig, teanga atá go líofa ag Cennarrd chomh maith.
Tá mé fíor bhuíoch don bheirt oilte seo as a gcomhreagrachas a roinnt orm.



An chéad leagan sa Ghaeilge, 1994

An Bhreatnais bhunaigh / Y Gymraeg wreiddiol

Leathanach Baile / Hafan / Home Page