Mabon in Éirinn.

Sa téacs cáiliúil Breatnaise úd ón 12ú céad, Culhwch ac Olwen, tá tagartha do charachtar darb ainm Mabon. Léimid gur fuadaíodh Mabon seo óna mháthair trí oíche tar éis a bhreithe, agus tásc ná tuairisc ní bhfuarthas air nó gur tháinig Culhwch agus Artúr air agus é i ngéibheann. Níorbh fhurasta é shaoradh, agus faoin am go raibh fuascailt déanta air bhí sé ar an té ba shine dena raibh beo ar dhroim na talún.

Ó thaobh na sanasaíochta de, is léir gurb ionann ainm dó seo mar charachtar agus don dia Ceilteach Maponos, an ‘mac’ nó ‘ógánach’ diaga. Tá iarsmaí de chultas Maponos aimsithe ag na sendálaithe ar ghrúpa láithreacha sa bhFrainc agus, go háirithe, sa limistéar teorann idir Alba agus Sasana inniu. An cultúr Breatnach sa réigiún sin lastuaidh, tá a fhios gur caomhnaíodh mórán de i mBreatain Bheag na meánaoise, agus tharlódh go maith gur chuid den oidhreacht sin é Mabon. Is é tragóid an scéil gur deineadh claochló ar óige Mabon agus gur dhein lán-aois sheargtha di.

Ach tá cor eile sa scéal nár mhiste a lua, agus sin ar an taobh eile den sruth, thiar in Éirinn. Tá trácht nach beag i seanlitríocht na Gaeilge ar charachtar a dtugtar ‘Mac ind Ócc’ sna lámhscríbhinní air. Ainm é seo ná fuil ag réiteach leis na rialacha gramadaí, mar a mbeifí ag súil le leagan an ghinidigh óicc’ – is é sin má bhí an chiall ‘mac an óig’ leis. Mhol an scoláire mór Tomás Ó Rathaille tuiscint eile ar ainm an charachtair seo. Dar leis siúd go raibh dul amú ar na scríobhaithe sa litriú a thugadar don ainm, agus gur ‘Macán Óg’ a bhí i gceist i ndáiríre. D’fhágfadh sin gur athleagan glan eile ó Maponos na hársaíochta a bhí sa charachtar seo i seanscéalaíocht na hÉireann.

Maidir leis na tréithe a bhí ag an Macán Óg, mar a thabharfaimid air, is rí-léir go réitíonn siad go beacht le carachtar a bheadh ina shiombail ar an óige. Faoi ainm eile is mó a chuirtear inár láthair é – is é sin, ‘Aonghus’, a chiallaíonn gus nó fuinneamh faoi leith. Fuinneamh dá leithéid a bhíonn mar chuid na hóige den saol, ar ndóigh. I dtuairisc amháin ón meánaois, maítear go raibh trí ‘ainbhfhios’ ag baint leis, mar atá ná feadair sé cad ba thrúig bháis dó, nó cathain nó cá háit a bheadh sin. Binn – easpa eolais de chuid na hóige na trí nithe sin, gan amhras.

Agus tá seo go léir léirithe go binn sa scéilín atá againn faoi, eachtra a luaitear sa litríocht chomh fada siar leis an 9ú céad ar a laghad. Dá réir sin, is amhlaidh a bhí fonn air seilbh a fháil ar Bhrugh na Bóinne. Bhí an brugh úd, áfach, ag pearsa ba shine ná é, fear a dtugtar Ealcmhar (‘an duine éadmhar’) air sa scéilín. Fuair Aonghus comhairle ón Daghdha (dia mór na seanGhael) iasacht an bhrugha a iarraidh ar Ealcmhar go ceann lae agus oíche. Tugadh a achainí dó, agus nuair a lorg Ealcmhar a chuid féin thar n-ais dhiúltaigh Aonghus, ag áiteamh gur i lá agus oíche a áirítear an saol. Leis an gcleas seo a fuair Aonghus seilbh ar an mbrugh go deo.

Ní deacair a aithint ar an insint gur gnáthmhóitíf bhéaloidis, cleasaíocht focal, a bhí in úsáid ag scéalaithe na meánaoise chun smaoineamh ba luathbhunaithe go mór ná sin a chur faoi bhéim. Ba é smaoineamh é sin gur dual don óg an lámh uachtarach a fháil i gcónaí ar an sean – gur riail bhunaidh an tsaoil é sin. An óige go buacach agus an aois go héadmhar, faraoir!

Tá scéalta eile inste mar gheall ar Aonghus an Bhrugha úd, scéalta grá agus aclaíochta, agus iad go léir ag ceiliúradh nádúr na hóige. Ar an gcuma seo, is furasta dúinn glacadh le Maponos, le Mabon agus leis an Macán Óg mar léargas, ní hamháin ar bhuanaíocht na hóige, ach ar bhuanaíocht na comh-oidhreachta Ceiltí chomh maith.

An Dr. Dáithi Ó hÓgáin a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile