Macalla: Garraíodóir ag Machnamh faoin nGorta

Os mo chóir amach, fé mar a bheadh línte sluaite Pharaoh na hÉigipte, bhí goirmíní óga, a phéac de réir a chéile, a dhaingnigh tar éis dóibh a bheith athphlandáilithe don chéad uair. Bhíodar ag teacht go maith le linn na laethanta fada siar sa Samhradh.
Ach, ach nach raibh rud éigin cearr ar na cinn ghléghorma thall? Cé gur fhéach mé go grinn, ní raibh tada le feiscint; ach mar sin féin, bhí an chuma chéanna ar an ‘Beaconsfield’, an dú-ghorm úd.
I gceann seachtaine bhí cuma neamhfholláin ar na mílte duilleoga, is taobh istigh de choicís is mó duilleog thinn a raibh coinchleach bhog bhán ag fás go tapaidh uirthi. In ainneoin gur leag mé sprae fada le ceimicigh nua-aoiseacha costasacha orthu, cailleadh an t-iomlán.
Ní barr coitianta ar ár bplandlann bheag ab ea é siúd. Dóchas mór dúinn ab ea na goirmíní a thagann i mbláth sa Gheimhreadh tar éis iad a dhíol sa bhFómhar. Bonn ab ea iad le forbairt tábhachtach dár ngnó beag, lena chur i dtaca leis an ngnáth Earrach mór, fad is a bheadh ár chéad mhac á fhódú féin linn. Bhí na síolta go daor is an dóchas go tréan.
Is mó duine de mo shinsear a sheas, is dócha, os cóir a cheapaí de phrátaí i lár na haoise seo caite, is é ag tabhairt faoi deara rud éigin ait a bheith ar dhuilleoga a chuid plandaí glasa, roimh don iomlán éirí dubh. Is ansin bheadh cailliúint an bhia is an chothuithe dá chlann do-sheachanta, ag tuar dóibh na fulaingthe, an ghalair - is an bháis féin?
Is de dheasca an Ghorta Mhóir, b’fhéidir, go bhfuilim im chónai anseo sa Bhreatain Bheag. Nach ait an scéal é go mbeinn cloíte ag an gcoinchleach céad go leith bliain níos déanaí?

©: Patrick Whelan, Sant Hilari, Bro Morgannwg (12 mhíle amach as Caerdydd, príomhchathair na Breataine Bige).
Rugadh seanathair an údair i gContae Phort Láirge agus rugadh a athair agus é féin sa Bhreatain Bheag. Nuair a phós sé cailín Breatnach d'fhoghlaim sé féin an Bhreatnais agus d'iompaigh a chéile, Carys, ina Caitiliceach!

Aistriúchán ón Bhreatnais: Comhluadar Caerdydd.

An Briathar Saor Uimh. 4

Abhaile / Home