Máire Bheag mo Stóirín
Is sean fheirmeoir mise
Fuair mé goin fá mo chléibh,
Chaith mé seal ag suirí
Le bruinneal beag séimh;
Cailín aimsire ab ea ise
Ar thurastal mion
In áras Sheáin Aindí
Ó Ghrianán na Lon.
Curfá:
Bhí sí álainn, bhí sí aoibhinn,
Do sciob sí mo chion,
Ba í Máire bheag mo stóirín
Ó Ghrianán na Lon.
Dubh ab ea a súile
Ag glioscarnach go glé;
Is mar rós ab ea a grua
I lár geal an lae;
A cuid gruaig' ina tonnta,
Is ina cuacha sámh',
Bhuel, bhí mise im' ghealt aici
Leis an fhírinn' a rá.
Curfá:
Do labhair mé faoi chleamhnas,
Do fhreagair sí le tuin,
Gur bhraith sí fí orshamhnas
Ag smaoineamh ar sin;
mar níl mise i ngrá leat,"
Adúirt sí gan stró,
":I mo chéile ag sean fheirmeoir
Ní bheidh mé go deo.
Curfá:
************************
************************
Nascanna don Ghaeilge / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg / Links to Irish