MANANNAIS I SCOILEANNA MHANANN.

Sa mbliain 1992 thug Rialtas Mhanann an-chúnamh do Ghaeilge Mhanann (an Mhanannais) nuair a bhunaigh an rialtas céanna Aonad Manannaise le haghaidh ranganna Manannaise a chur ar fáil ins na scoileanna ar Oileán Mhanann. Éacht míorúilteach a bhí ann, nach mór, os rud é go gcaitear drochmheas ar an teanga de ghnáth in oifigí an rialtais. Ach tá athrú mór tar éis teacht anois, go háirithe i measc na ndaoine óga. Is oth lena lán acusan nach labhartar an Mhanannais go forleathan agus ba bhreá leo an teanga a bheith acu.

Cosúil le Gáidhlig, tháinig an Mhanannais ón tSean Ghaeilge, ach baineadh úsáid as litriú an Bhéarla nuair a scríobhadh Gaeilge Mhanann don chéad uair. Ba mhór an trua é sin, mar chuir sé sin bac ar theanga na Mhanannach maidir le Gaeil eile. Má bhíonn Gaeilge nó Gáidhlig agat, ni bhíonn aon trioblóid agat Manannais shimplí a thuiscint nuair a labhartar í. Ach Manannais scríofa, sin scéal eile.

Ní raibh Béarla ar bith ag formhór na Manannach go dtí deireadh an ochtú chéid déag. Ach ansin tháinig an Béarla isteach go han-láidir in éineacht leis na Sasanaigh a tháinig go Manainn ag an am sin. Tar éis na bliana 1830, abair, bhí níos mó Béarlóirí ná Manannaiseoirí ar an oileán. Chreid na Manannaigh nach mbeadh siad in ann dul ar aghaidh go maith dá mairfeadh an teanga dhúchais. Mar sin, rinne siad a ndícheall chun an Mhanannais a chaitheamh ar leataobh – agus bhí jab maith déanta acu, faraoir.

Ach b’aisteach an scéal é, ar bhealach. Bhíodh stádas de shaghas éigin ag an Mhanannais. Baintí úsáid aisti ins na cúirteanna agus bhí ar mhinistrí na hEaglaise Anglacánaí an teanga a fhoghlaim nuair a tháinig siad go Manainn. Bhíodh neamhspleáchas de shórt éigin ag na Manannaigh i gcónaí – gach ‘Laa Tinvaal’ (Lá Tynwald – lá náisiúnta Mhanann) bhíodh achtanna nua de chuid Tynwald á léamh os ard sa teanga dhúchais mar aon le Béarla: déantar a leithéid go dtí an lá inniu ann. Cinnte, ní raibh saol bog ag formhór na ndaoine. Ach ar an láimh eile dhe, ní raibh an saol chomh dona is a bhí ag Ceiltigh eile. Ina dhiaidh sin is eile, cheap na daoine cumhachtacha go mb’éigin dóibh an Mhanannais a chur chun báis.

Sa mbliain 1871, bhí an Mhanannais ag timpeall 25% den daonra (timpeall 12,000 daoine). Sa mbliain 1951, ní raibh ach scata beag de chainteoirí dúchais fágtha. Is fuair an cainteoir dúchais deireanach bás: Ned Maddrell dob ea é sin. Ach ní hionann sin is a rá go bhfuair an teanga bás, mar a deir na leabhair oifigiúla. Bhí daoine ann a raibh an teanga acu go líofa. Rinneadh téip-thaifeadáin de Mhanannais na gcainteoirí dúchais, bhí an Bíobla le fáil sa Mhanannais, is bhí foclóirí is leabhair ghramadaí le fáil. Ach daichead bliain ó shin, ceapadh fós gur rud scannalach é, nach mór, bheith ag iarraidh an Mhanannais a fhoghlaim.

Tar éis tamaill, bhí athrú meoin ann (sin, nó fuair na sean daoine bás). Anois, bíonn Manannaigh go leor báúil don teanga aris. Timpeall ceithre bliana ó shin, fuarthas amach gur cheap Manannaigh go leor go mba chóir go mbeadh an Mhanannais á múineadh ins na scoileanna mar ábhar deonach. Dá bhrí sin, b’fhéidir, chuir Roinn Oideachais Mhanann an tAonad Manannaise ar bun. Fuair mé féin post mar Oifigeach Manannaise san Aonad, mar aon le beirt mhúinteoir, Peggy Carswell is Phil Kelly. Don chéad uair riamh, bheadh ceachteanna Manannaise ar fáil go rialta i scoileanna Mhanann.

Ní raibh ach conradh dhá bhliain againn ar dtús agus b’éigean dúinn bheith ag obair go tapa. I ndáiríre, ní raibh ábhar múinte sásúil ar bith againn. Bhí orainn a leithéid a dhéanamh dúinn féin. Cheap muid gurbh fhearr dúinn an Mhanannais a chur ar fáil i ngach scoil, do pháistí a bhí seacht mbliana d’aois agus níos mó. Bheadh deacrachtaí áirithe ag baint le páistí an-óg agus iad á dtabhairt amach as ceachteanna eile chun an Mhanannais a fhoghlaim. Agus gheobhadh gach páiste a bhí ins na ranganna leath uair Manannaise in aghaidh na seachtaine. Níos lú ná sin, ní bheadh sé fiúntach: níos mó ná sin, bheadh roinnt de na múinteoirí eile ag gearán faoi.

I mí na Bealtaine 1992, fuair muid amach go raibh fonn ar dhá mhíle páiste, nach mór, an teanga dhúchais a fhoghlaim – i bhfad níos mó ná mar a ceapadh! Ní raibh múinteoirí go leor againn agus, mar sin, ní rabhamar in ann ceachteanna a chur ar fáil do na páistí go léir. Thosaíomar bheith ag múineadh ins na scoileanna i mí Meán Fómhair 1992 – bhí timpeall 1,400 dalta ins na ranganna. Ag deireadh na scoil-bhliana i mí Iúil 1993, d’fhan timpeall 1,200 díobh sin.

Bhíomar an-sásta leis sin os rud é gur shíl daoine áirithe go dteipfeadh ar an scéim tar éis tamaill. An chuid is mo de na daltaí a d’fhág an scéim, bhí siad sna meánscoileanna, áiteanna ina mbíonn na daltaí faoi bhrú atá cuíosach láidir.

Tá scéim na teanga ag dul ar aghaidh go han-mhaith go fóill. Ach ní féidir a rá fós go bhfuil áit bhuan ag an Mhanannais i scoileanna an oileáin. Tar éis an tsaoil, ní thuigeann a lán daoine tábhacht na teanga. Caithfimid a rá, áfach, go bhfuil an scéal i bhfad níos fearr ná mar a bhí.

Brian Stowell, Dúlais, Eilean Mhanainn,
22 Meán Fómhair 1994.

***************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile