Marbh sa Chath
Fear óg de chreideamh fíor – mar sin ab ea é,
Á¡lainn a bhéasa is a chlú;
Dó féinig i rith an lae
Ba é Íosa a threoraí aoibhinn.
Gealltanais bhrionglóideacha – thagadis
I rith a shaoil Earraigh;
Le monabhar go raibh fós sa tslí
Maidin éigin aoibhinn síorai.
Eochracha ratha is blátha – bhídis ar crocadh
Le muinchille mhín Rolant;
Is ar a chaointéada binne
So-aitheanta ab ea an t-amhrán beoga.
Do bhí Rolant dílis don ghlaoch – ar son crá,
Ar son grá a sheantíre,
Nuair, mar a bheadh scread uafásach soiléir,
Do chroith gairm stoc an chomhraic.
Tri stoirm an díomá – is tri a phianpháis dúr,
Go dtuga samhradh is a bheogacht
Barróg chaoin le bláth is céad
Ar leaba luath Rolant.
Dán sa Bhreatnais, 'Marw yn y Gad': 'Hedd Wyn', 'sé sin, Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.
Aistriúchán: Barry Tobin.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.