Marbh as Baile
Tá uaigh a mháthar i dTrawsfynydd,
Aitheanta ag gaoth is ag báisteach,
Is tá seisean ina chodladh ar adhairt
I reilig an strainséara thall.
Do mhair sé le caoine is le grá
I dtuile a chroí gan chlaon,
Fuair sé bás le searc ina shúile
Ar altóir shaoirse a thíre.
Fuair sé bás nuair a bhí an domhan i dtrioblóid
I lár an chogaidh mhóir,
Fuair sé bas chomh hóg is chomh dathúil
Le scamall ag gealladh an lae.
A aisling ab ea saol gan arraing,
Ba aoibhinn a dhóchas go léir,
Chomh cruaidh chomh deacair ab ea a bhás,
Is chomh hóg is chomh séimh dá réir.
Ní thiocfadh sé leis na samhraí órga
Go deo go dtí a dhúchas ar cuairt,
Óir is i reilig i dtír na strainséirí
Atá seisean ina chodladh sa ghrean.
Corruair in acraí na marbh
Go ndúise sé féin i síocháin,
Is go mbíodh sciatháin na neimhe os a bhaintreach
Is an duilliúr is an rós ar a uaigh.
As an dán sa Bhreatnais, Marw oddi Cartref le 'Hedd Wyn', 'sé sin, Ellis Humphrey Evans, 1887 – 1917.
Aistriúchán: Barry Tobin.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.