Moses Glyn Jones (1913-1994).



Scéilín furasta go leor a insint: rugadh Moses Glyn Jones in aice le Mynytho, Llyn (an leithinis a shíneann siar i dtreo na hÉireann, agus i dtreo Laighin (an áit as a dtáinig an focal Llyn anallód) ó shléibhte Eryri/ Snowdonia) sa bhliain 1913.

Chaith sé a shaol mar mhúinteoir scoile sa dúiche seo, ach amháin i rith na mblianta 1939 - 45, tréimhse a chaith sé ag obair mar eolaí i bhforas taighde de chuid an rialtais.

Bhí sé seasca bliana d’aois nuair a foilsíodh a chéad leabhar filíochta, Y Ffynnon Byw ('An Tobar Beo') i 1973. Filíocht aibí gan rian den phrintíseachas, a bhí sa leabhar sin. Sa bhliain dar gcionn, 1974, fuair sé an príomh ghradam san Eisteddfod Náisiúnta nuair a bronnadh Y Gadair ('An Chathaoir') air as siocair a dháin mhóir Y Dewin (An Draoí). Ó shin i leith tháinig trí leabhar eile filíochta ó’n a pheann paiteanta: Yn Ddigon Buan ('Luath go Leor') – 1977, Y Sioe ('An Seó') – 1984, agus Y Dewin a Cherddi Eraill ('An Draoi agus Dánta eile') – 1993.

File diaga, file an dúlra, file an duine, file a chonaic meath na Breatnaise i gceantar a raibh sí i mbarr a réime le linn a óige féin ab ea Moses Glyn Jones. Múinteoir na ceimice, ceardaí ina gháirdín féin, iascaire slaite agus Críostaí ab ea é freisin.

Deirtear ina leith go raibh an-chosúlacht idir é féin agus an file is mó cáil sa Bhreatain Bheag lenár linn – R.S. Thomas. Rugadh R.S.Thomas sa Deisceart agus tógadh le Béarla é. Thoiligh sé, áfach, an Bhreatnais a fhoghlaim agus chónaigh sé le blianta fada anuas (go dtí le fíor déanaí) i Llyn, áit inar chaith Moses a shaol go léir beagnach. Bhí tionchar an dúlra, na heolaíochta agus na Críostaíochta ar a gcuid filíochta araon maille leis an meas céanna i leith an dúlra, i leith an duine, i leith na tréithe den saol atá buan. ‘Sea agus mearbhall, agus amhras, agus crá intinne faoi dhólás an tsaoil. Is mar seo a léiríonn file na Breatnaise muinín agus creideamh in ainneoin na hainneona:

Níl aon rud as riocht le Deonú Dé;
Ná cuirse féin isteach air,
Sin mar atá sé le bheith.
Ymddiriedaeth ('Muinín')

Nó, níos soiléire fós:

I gcúl bhearna Bryn Ffynnon
Do gháir na neantóga go magúil:
“Loscann ár lámha gach n-aon,
A thriallann le sinn a chrá.”

I bpáirc na seamar, Pantwennol,
Do chan na copóga:
“Maolaíonn ár lámha
Ar an lasadh a bhíos ag dó.”

Ach i gcoill Coed Helen
Ní raibh gob an loin
Ag maolú ná ag loscadh
Ach ag canadh in ard a ghutha.
Echdoe ('Arú Inné')


‘Sea, dán faoin dúlra agus dán diaga san am céanna, inár dtionlacan ó’n phian go dtí a leigheas is ar aghaidh go dtí an ghlóir.

Nuair a bhí an chéad leagan den iris seo ar na bacáin, fuarthas cead fíal ó Móses Glyn Jones leagan Gaeilge dá dhán Llyn a chur i gcló i litir chúlánta a léirigh a ionadh go raibh suim againn ina chuid filíochta. Ní raibh a fhios againn ag an am go raibh sé i mbéal an bháis agus cailleadh ar 27 Meán Fómhair1994 ina thigh féin é.

Déanaimíd comhbhrón lena bhean chéile Mrs. Kate Jones, is lena mhuintir go léir.

Ar dheis Dé go raibh a anam.

“Siúd é an file go fann
Nuair a thiteann a pheann
As a láimh.”

(Eoghan Ruadh Ó Shúilleabháin, ar leaba a bháis)

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile