Mol Dia, a Fhile
Mol Dia, a fhile,
Is tabharfar neamh don té
Mheabhóidh id dhiaidh do mholadh,
Más moladh fónta é.
Is meabhraigh féin an moladh
Thug Dallán Forcaill féin
Do Cholm Cille in Ulaidh,
Is gheobhairse flaitheas Dé.
Is ait leat sin, a fhile,
Dar leat gur dána an té
A gheallfadh neamh don duine
Mheabhróidh tfhilíocht id dhéidh:
Ach tuig nach tusa, a fhile,
A luathaigh línte ón spéir,
Ná a chuir do chaint trí thine
Is ceol na n-aingeal léi,
Ach gur tharlaís féin ar mhachnamh
Bhí ag gabháil trí intinn Dé,
Is do bhís, is É, a fhile,
Gan choinne ar aon choischéim.
Seán Ó Ríordáin (1916 1977).
English.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.
Baile / Home.