Mo Sheachrán is mo Shaothar don Chonradh i Lúndain ó 1949 go 1973

Cé go gcaithim anois mór chuid dem shaol sa Rinn i gCo. Phort Láirge agus ná bíonn an oiread sin stró orm agus a bhíodh nuair a bhíodh orm éirí amach as an leaba chun dul ag obair agus bheith istigh ag an obair ar a hocht a’chlog chun mé féin agus mo chlann a choimeád ó ocras, bhí saol maith anso agam agus ní dóigh liom go bhfeaca mé aon ghorta, dealús ná aon rian de bhochtanas teann stalctha riamh.

Nuair fhág mé an Rinn i 1945 bhí mo chroí briste ach ní raibh leigheas ar an gcathú ach é a smachtú le foidhne, agus an smaichtín crón a chrú go meidhreach. Ní go Lúndain a tháinig mé ar dtús, ach go lár na tíre, Stafford. D'fhan mé ansúd nó go bhfuair mé tochas i mo chosa agus go dtáinig fonn imeachta orm agus chuaigh mé amach go dtí an domhan thoir ar feadh tamaill. Nuair a tháinig mé ar ais chuaigh mé abhaile go dtí an Rinn arís, agus is mar sin a chas mé ar Lúndain i mbliain 1949. Bhí mé fós mí‒shocair im' aigne mar bhí fuil na hóige ag borradh trím' fhéithe agus ní dóigh liom anois go stadfadh arm na gcapall mé an lá céanna. Thug m’athair go dtí an stáisiún mé agus chonaic mé ina shúile go raibh an ghráin dhearg aige ar Shasana agus gur phéin ina chroí mé a fheiscint ag dul go dtína leithéid de thír.

Bhuail mé Lúndain agus bhí an saol maith go leor agam ach ní raibh aon eolas agam ar an saol Gaelach sa chathair, ach fuair mé amach go raibh craobh de Chonradh na Gaeilge in aice le Holborn. Nuair a chuaigh mé isteach san oifig ann is orm a tháinig an gliondar croí mar bhí Seán MacDhiarmada, Annraoi Ó Briain, Pádraigín Eade, Iníon Uí Chonair, Donncha Ó Liathaín agus fear uasal darb ainm Ó Creighlí ann. Bhíodar go léir ansúd ag stealladh na Gaeilge agus mise ag cabhrú leo. Dia go deo leis na laethanta geala úd mar is cuimhin liom iad ag seiligí mar nuair a thagadh an aimsir bhreá i dtosach an tsamhraidh théimís go Brighton agus áiteanna eile ar thurasanna Domhnaigh. Bhí mé ar cheann des na turasanna seo go Brighton lá agus ní imeoidh an smaoineamh óm' aigne go Lá an Luain. D'fhágamar Victoria go luath ar maidin. Bhí os cionn trí fichid duine ar an traen, idir mhná óga agus bhuachaillí dathúla. Nuair a bhuaileamar Brighton, thosnaigh an ceol agus an chraic agus is í an áit gur cuireadh bun leis ná amuigh ar an gcé, áit a raibh go leor slí agus cead casadh thimpeall. Bhí a trí nó a ceathair de bhoscaí ceoil agus trí veidhlín sa mbanna ceoil. Níl ach ainm amháin im' aigne anois, sean Harry Jenkins agus, b'fhéidir, Bill Rollinson. Sasanach ba ea é agus ard fhear ar son cultúr na hÉireann a spreagadh, go ndéine Dia grásta ar an bhfear bocht, mar is mó lá spórt agus scléip gur chuimhin liom nuair a bhíodh sé thimpeall chun port a sheinnt do rinnce aonair nó do chéilí.

Níorbh fhada go dtáinig na mílte in ár measc ag féachaint ar an damhsa. Tháinig na Píléirí is dúradar linn scrios as an áit mar go raibh an trácht go léir ina lán stad ag na daoine a bhí ag féachaint ar an seó seo. Chuamar as san go dtí tigh ósta áirithe mar bhí socrú roimh ré déanta ag na cinn ródaithe a cuireadh síos go Brighton an tseachtain roimhe sin chun na socruithe a dhéanamh, sé sin go mbéadh lón réidh don slua ar a dó a chlog. Bhí an lón thart agus dúirt an bainisteoir linn go raibh seomra fé leith ansúd aige dá m'áil linn dul isteach ann agus céilí a bheith againn níos déanaí san tráthnóna. Agus sin é a rinneamar mar tháinig gach aoinne thar n‒ais tar éis gáibhéireachta an lae agus muna raibh sult againn an óiche sin ní lá fós é. Bhíodh céilí ag an gConradh an uair sin in aice le King's Cross ach ní raibh an halla ró ghustasach ná ró mhaoineach mar ba bheag airgead a bhí acu. Fé dheireadh bhí orthu an oifig i sráid Eoin i Holborn a dhúnadh. Bhí Seosamh MacUidhir ina Uachtarán an uair sin. I ndeireadh na seascaidí bhí mé féin ar an gcoiste agus d'imigh Seosamh MacUidhir ar ais go hÉirinn agus tháinig Seán Ó Raftaire mar Uachtarán ina áit.

Bhíodh an Conradh anois thíos ag Victoria, i Sráid Belgrave. Bhíodh teacht le chéile ann gach mí agus bhíodh go leor ag teacht ann ag imirt ceoil agus ag caint i nGaeilge (nó i ‘nGaolainn’ mar a deireadh an sean dream) . Cuirtí feiseanna agus aeraíochtaí ar bun gach bliain agus deineadh ana‒chuid oibre chun an cultúr a thúirt amach go dtí na daoine. Chaitheas a lán aimsire le timireacht agus le múineadh ranganna i Victoria. Ba í Bean Uí Chonchubhair a bhí mar Rúnaí.Ní fheadar cad a tharla i dtús na seachtóidí‒ leisce na ndaoine óga a bhí gan suim anois san sean-shaol, teacht na teilifíse is athrú saoil, is ins an mbliain 1973, creidim, dúnadh an oifig i Victoria, cuireadh an Conradh ar cheal, agus scaip na baill. D'imigh tréimhse ama ansan agus do chonacthas dhom féin agus do Nollaig Ó Conaill go raibh bearna gan aon oíche Ghaelach anois i Lúndain maidir leis an teanga ná na hamhrain Ghaeilge a chlos. Shocraíomar go gcaithfí rud éigin a dhéanamh chun maise a chur ar an scéal.

Chuireamar an ‘Cuideachta’ ar siúl chun go mbéadh fíor oíche Ghaeilge againn gach mí, chun na hamhráin agus seanchas na Gaeilge a athbheochaint. Ba ag deireadh 1973 a bunaíodh an ‘ Cuideachta’ agus tá sé ar siúl fós níos láidre ná riamh san Irish Club, Eaton Square, agus cé gur mhó oíche a tháinig míd le chéile i dtosach gan ach mór sheisear casta le chéile, ní bhíonn slí don méid daoine a thagann inniu chugainn.

©: Séamas Ó Cionnfhaola, An Rinn, Port Láirge.

An Briathar Saor Uimh. 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page