Obair Chaomhnaithe i nÉirinn.

Bhí suim agam in obair chaomhnaithe le blianta fada anuas. Bhí mé i mo bhall de Dheonoibrithe Caomhnaithe Chaerdydd ó 1989 i leith agus bhi mé ag dul ar laethanna saoire leis na deonoibrithe le linn an ama chéanna freisin.

An chéad tasc caomhnaithe a ndearna mé ar choir ar bith, ba i Murlach i gContae an Dúin a bhí sé. Bhí thart ar dhosaen againn ann ón Bhreatain Bheag ó Shasana is as Éirinn. Bhiomar ag fáil réidh le haiteann a bhí ag fás i lar fraoigh go ceann seachtaine. Obair throm ab ea í: bhí orainn na craobhacha a ghearradh ach bhí rómhar le déanamh chomh maith mar bhí sé riachtanach fáil reidh leis na fréamhacha. Bhiomar ag obair don Iontaobhas Náisiúnta agus ag fanacht i gcúpla dá dtithe. Bhí na tithe seo an-chompórdach!

Ní raibh orainn bheith ag obair gach lá, ar ndóigh. Nuair a bhíodh lá saor againn théimís timpeall an cheantair. Lá amháin do chuamar trasna Loch Cuan ar an mbád go dtí an ‘tUisceadán’. Tár éis sin chuamar ar aghaidh go dti Caisleán Mhac an Bhaird, teach ar leis an Iontaobhas Náisiúnta é. Nuair a tógadh an teach ar dtús tar éis muintir an tsráidbhaile a ghlanadh as an áit chun an talamh a fháil tógadh ina dhá leath é; tá taomh amháin sa stíl ghotach, ach tá an taobh eile sa stíl chlasaiceach. Bhí sé an-shuimiúil an t-áras seo a fheiceáil.

Thaitnigh an chéad tasc chomh mor sin liom go ndeachaigh mé go ceann coicíse an dara huair. Chuaigh mé go Béal Féirste chun teacht le chéile leis na daoine eile agus chuamar go dtí Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha i dTír Chonaill. Bhíomar ag fanacht i sean-teach an-mhór a bhíodh ina scoil uair amháin sa bFál Carrach. Bhíomar ag fáil réidh leis na ródaideandróin atá ina bhfaidhb mhór ann. Chomh maith bhí croinnte á ngearradh ag foireann na Páirce agus dhómar na craobhacha. (Ná cheap go mbíonn deonoibrithe caomhnaithe ag scriosadh gach rud a bhíonn le fáil, ach is cuid tábhachtach den obair fiaile a ghlanadh!).

Don dara seachtain, chuamar go dtí Páirc Chaisleán Archdale, in aice le hInis Ceithleann i gContae Fhear Manach. Ar an mbealach, chuamar go dtí Gleann Cholm Cille; bhí sé sin ina thuras an-fhada ar fad, go háirithe tar éis duinn seachtain a chaitheamh ag obair sa Pháirc Náisiúnta.

I bPáirc Chaisleán Archdale bhíomar ag tógáil ál sreinge ar oileán beag, i lár Loch Éirne. Chuamar sall i mbád beag gach lá. Gach oiche ar ndóigh chuamar go dtí an teach tabhairne, rud a rinneamar sa bhFál Carrach freisin. Oíche amháin, chuamar go dtí céilí i sráidbhaile in aice le Baile an Irbhinigh. Bhí fáilte is fiche romhainn ann agus bhí an-sport ag baint trialach as na damhsaí.

An uair dheireanach a rabhas i nÉirinn le hobair chaomhnaithe a dhéanamh chuaigh mé go dtí áit darb ainm Clann Aodha Buí i gContae an Dúin. Mí na Nollag a bhí ann agus b'é an tasc ná croinnte a chur.

Níl a lán croinnte le fáil sa Tuaisceart ar scor ar bith níl ach 5% den tír faoi chroinnte fad is go bhfuil thart faoi 21% san Eoraip. Is obair mhaith ar lá fuar í croinnte a chur; is obair chrua í agus is obair the í!

Níl fhios agam fós cathain a bhead ag dul ar ais chun níos mó den obair chaomhnaithe a dhéanamh. Tá obair go leor le déanamh sa bhaile sa Bhreatain Bheag igCaerdydd, i sléibhte Bhrycheiniog Eryri slr., ach rachaidh mé ar ais chun aiteann a ghlanadh, chun croinnte a chur, chun fál sreinge a thógáil agus chun craic ar fheabhas a fháil!

Scríofa ag Mireanda Ní Mhortáinn.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile