An tOireachtas: ag Smaoineamh ar '94,
ag súil le '95.

Is fíor-annamh a bhionn seans ag duine teacht i láthair i slua mór daoine agus an Ghaeilge in úsáid mar gnáth-theanga acu.Tharla sin domsa, b’fhéidir don chéad uair riamh, an Deireadh Fomhair seo caite nuair a dfhreastail mé ar roinnt imeachtaí i nOireachtas na Déise 1994. Bhí mé ann ó’n Déardaoin go dtí an Domhnach agus is mór an t-am a bhí agam ann.

Focal ar dtús faoin cheantar ina raibh sé ar siúl, na Déise i gContae Phort Láirge.
Ní raibh mé ann riamh roimhe sin agus caithfidh mé a rá nach raibh mórán eolais agam faoin áit ach oiread. Bhí a fhios agam go raibh Gaeltacht oifigiúil sa Rinn ach bhí mé ag smaoineamh nár bfhéidir ach Breac-Ghaeltacht nó bréag-Ghaeltacht a bhí i gceist i gceantar chomh caol sin leis an mBéarla amháin sa tír máguaird. Chuir sé ionadh orm mar sin cé chomh láidir is a bhí an Ghaeilge i measc na ndaoine ann. Bhí sí le cloisteáil an t-am ar fad sna pubanna, le daoine ag déanamh a gnó sa siopa/oifig an phoist, agus le daoine a bhuail mé leo ar na bóithre. Chuir mé ceist ar dhaoine, conas a mhair an teanga chomh láidir anseo agus í caillte i ngach áit eile. Fúair mé freagra ó dhuine amháin a raibh rian na fírinne air, gur mhair sí anseo toisc go raibh an cultúr a bhaineann leí, an scéalaíocht, an sean-nós, agus an tsuim i litríocht na Gaeilge, go beo anseo i gcónaí. Ní raibh ach ceist amháin fágtha agam ina dhiaidh sin; conas a tharla sé nach raibh an tOireachtas eagraithe sa cheantar Gaelach seo riamh roimh 1994.

Tá an Rinn cúpla míle amach ó Dhún Garbhán agus bhí rudaí ar siúl sa Rinn féin agus rudaí eile sa bhaile mór. Cé gur baile ‘Gallda’ Dún Garbhán bhí sé soiléir go raibh daoine ag déanamh iarracht an teanga a cur cun tosaigh agus an tOireachtas ar siúl ina measc, agus aon fhocal Gaeilge a bhí acu á úsáid. Bhí mé in ann mo ghnó a dhéanamh i gcúpla siopaí trí Ghaeilge amháin agus bhí chuile dhuine sásta focal nó dhó a úsáid liom. Seans go bhfuil an dea-mhéin céanna don Ghaeilge go forleathan ar fud na tíre i measc daoine nach n-úsáideann an teanga de ghnáth, ach níl nós againn triaill a bhaint as ach nuair a bhíonn ócáid speisíalta mar an tOireachtas ar siúl.

Bhí pub breá sean-fhaiseanta cúpla míle amach ón Rinn agus chuaigh beirt againn ann san oíche trí uair chun béilí a fháil. Bhí freastalaí cairdiúil ann ach, an chéad oíche a bhí muid ann dúirt sé nach raibh Gaeilge aige ach an corrfhocal, ach go raibh sé tuilteanach an cúpla focal sin a úsáid linn. Thug muid faoi ndeara áfach go raibh sé ag dul i líofacht an t-am ar fad agus ar an oíche dheireanach bhi sé in ann caint linn i nGaeilge faoin bhiachlár, faoin aimsir, agus faoi chúrsaí an lae gan an méid sin stró.

Rud amháin a bhí curtha ina luí orm go láidir ag an ócáid seo, ná cé chomh lárnach is atá an sean-nós i gcultúr na Gaeilge. Nior chaith mé ach ceithre lá ag an Oireachtas agus mar sin bhí a lán imeachtaí nach féidir liom trácht futhu, ach tá mé cinnte nach raibh oíche ann chomh haoibhinn corraithe sin ná oiche ‘Chorn Ui Riada’. Is féidir liom fós guth bean óg amháin a chloisteáil agus í ag árdú anamacha an phobail le tonna binne cheoil. Oíche draíochtach gan dabht, agus bhí sé taithneamhach an gliondar a fheiceáil, a bhí chomh soiléir i gcroí Lillis Ó Laoghaire, fear óg ó Thír Chonaill, tar éis seisean an corn a bhaint. Tá mé cinnte gur fhág daoine an halla an oíche sin ag aireachtáil go raibh traidisiún ársa luachmhar ina gcuspóir acu.

Caithfidh mé a rá áfach nach raibh gach rud chomh spreagúil agus an oíche sin. Dúirt mé níos luaithe go raibh iontas orm cé chomh láidir is a bhí an Ghaeilge i measc na ndaoine áitiúla. Ní mór dom aguisín a chur leis an scéal sin áfach chun pictiúir grinn a dhearadh agus chun an fhírinne a rá. Agus mé ag freastal ar oíche dhrámaíochta i halla an pharóiste thug mé faoi ndeara go raibh Béarla níos popaileáirí, mar ghnáth mheán teagmhála i measc na ndaoine faoi, b’fhéidir, 16 bliana d’aois; cé go raibh san Ghaeilge á úsáid acu leis na tuismitheoirí agus daoine níos aosta. Is dócha go maireann siad i gcultúr popaileárach na teilifíse agus is é an Béarla an ghnáththeanga sa saol sin. B’fhéidir go bfillfidh roinnt maith acu arais chun an Ghaeilge níos déanaí ina mbeatha, ach ní féidir a bheith cinnte. Dúirt duine liom gur d’freastail sé ar cluiche iománaíochta ina raibh foireann áitiúil ag imirt i gcoinne foireann ó Ghaelscoil i mBaile Átha Cliath. Bhí Gaeilge mar gnáththeanga ag na daoine óga ón mhórchathair ach Béarla ag lucht na Gaeltachta. An é sin rian na laethanta atá chugainn?

Tá a lán rudaí eile gur bhfhéidir liom a rá faoin chuairt ghearr seo ach ní féidir iad go léir a rá anseo. Is mór an spreagadh le duine ar bith le suim aige/aici sa Ghaeilge freastal ar an Oireachtas. Níl aon rud eile chomh Gaelach ann. Beidh sé ar siúl i mBaile Átha Cliath an bliain seo chugainn. Le cúnamh Dé beidh mise ann arís. Tá súil agam go mbeidh sibhse ann chomh maith.

Patrick Egan a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile