An Fhéile Phan‑Cheilteach 1994



D’fhág an bus Ardeaglais Llanelwy (St. Asaph, Clwyd) um meán oíche le bheith i n‑am don long B&I a bhí faoi sheol go moch maidine roimh a 4 a’chlog gur shrois Baile átha Cliath timpeall a hocht a’chlog....aistear ar fharraige anfach ghaofar. Chuamar go díreach trasna lár na tíre go dtí an Ghaillimh. Cuireadh fáilte den scoth romhainn san Ostán Imperial prionsúil, teolaí, compordach, sócúlach.....

San oíche thriallamar ar an ‘Rover’s Claddagh Hall’ in aice leis an gcé mar a chualamar/chonaiceamar ceol traidisiúnta na héireann is Oileán Mhanainn. Bhí an áit plódaithe, busanna taobh amuigh ó’n Fhrainc is ó’n Albain. Bhuaileas le Breatnach ó Aberdaron, léachtóir le Breatnais i mBaile átha Cliath, is le cailín ó’n Ghaillimh a chaith dhá bhliain ag foghlaim na Breatnaise i nAberystwyth a bhí ina ‘Bean a’Tí’ níos déanaí sa tseachtain le linn comórtaisí amhránaíochta is le linn an chomórtais chórúil i nEaglais Choláisteach Naomh Niocláis tráthnóna an tSathairn. Ag filleadh ar an ostán dúinn cé bhí ag teacht isteach ach Dafydd Iwan is a theaghlach leis go slán...

Ar an gcéadaoin chuaigh roinnt againn ar thuras go dtí an Bhoirinn is go Dúlainn, álainn go leor, is go dtí Aillte an Mhóthair ...

San oíche bhí an príomh chomórtas ar siúl sa ‘Connemara Suite’, Óstlann Mhór an Deiscirt. Do chan an Alba, éire, Corn na Breataine, is an Bhreatain Bheag. Ar an droch uair níor chuimhin grúpa Chorn na Breataine ar na focail go léir san amhrán. Grúpa as Béil Feirste a chan ar son na hÉireann is bhíodar an-mhaith go leor freisin. Ba é Dafydd Iwan a rinne moltóireacht thar ceann na Breataine Bige is ba í an Bhreatain Bheag a bhuaigh le hamhrán Geraint Griffiths is Loraine King.

Ar an Déardaoin chuamar ar síob go dtí an áit ina rinneadh an scannán ‘The Quiet Man’ in aice leis an Mám is ansin go dtí Mainister Chonga i gConamara. Tá tábhairne Keogh ar chrosbhóthar an Mháma is tá an dúiche maguaird ag cur thar maoil le móin. San oíche bhí comórtas amhrán traidisiúnta i Seomra Chonamara Ostlann Mhór an Deiscirt ar an gcearnóg i nGaillimh. Bhí an bua sa chomórtas ag Éireannaigh : Chrissie Mac Eachan ag canadh gan tionlacan is Tomás Mac Eoghain ag canadh dhá amhrán (ceann amháin le 27 véarsaí) chodarsnacha, ceann acu duairc is an ceann eile suairc. Níos déanaí bhí oíche na mBriotánach is muintir Chorn na Breataine thíos cois na Cé, ar an taobh thall den Choirib a bhí faoi lán tuile.

Oíche Aoine is bhí oíche na mBreatnach thíos cois na Cé. Bhí amhráin ó ‘Cantorion Enddwyn’ as ceantar Ardudwy, Diana Jones as ceantar Aberystwyth atá ina muinteoir anois i gCaergybi (Holyhead), Dafydd Iwan, is ag an deireadh ó`n ghrúpa ‘Gwerinos’ a láinseáil a gcéad téip, ‘DI DIDL LAN’ (Uimh. C2075 N). Seisear ógánach atá sa ghrúpa.

Ar mhaidin Dé Sathairn ag a deich bhí comórtas na gcláirseach do dhaoine óga, cuid acu a bhí ocht mbliana slán. Comórtas den chaighdeán ab áirde ag seinnm na gcláirseach is ag canadh á seinnm. Chonachthas geall le fiche cláirseacha Ceilteacha ar an árdán is cláirseach ‘tríarach’ amháin. Do lean an comórtas ar aghaidh go dtí a dó a’chlog is fuarthas na torthaí timpeall a trí. Bhéadh sé níos fearr dá dtríallfadh na moltóirí ar sheomra éigin eile go ligfí don tinreamh taithneamh a bhaint as a thuilleadh de cheol na gcláirseach. Sin mar a rinneadh an tráthnóna céanna i nEaglais Choláisteach Naomh Niocláis sa chomórtas chórúil. Bhí ‘Cantorion Seriol’ as ceantar Bangor ann, amhránaithe éireannacha Ghlaschú is go leor eile.

Ar mhaidin Dé Domhnaigh ar a haondéag bhí Aifreann Ceilteach san ardeaglais nuair a cualathas trí léiriú ó na ‘Cantorion Seriol’. An chéad cheann ab ea Salm 23; an dara ceann ‘Dyn a anwyd o wraig...’(‘Duine a rugadh ó bhean......’); an triú ceann an t‑iomann clúiteach ‘O Iesu Mawr’ (‘Ó a Íosa Mhóir’).

Fuarthas turas álainn go leor abhaile is bhí an fharraige mar a bhéadh loch de bhainne ciúin. An bhliain seo chugainn beidh an Fhéile i dTrá Lí....



Leagan Gaeilge le ‘Comhluadar Caerdydd’ de scríbhinn sa Bhreatnais a chur Tomos P. Williams, feirmeoir a bhfuil an Bhreatnais aige ó dhúchais a d’fhoglaim a Ghaeilge….

An Briathar Saor Uimh. 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page