Comóradh 'Peerless Jim'



Rugadh Jim Driscoll i Newtown (nó ‘Irishtown’ go neamhoifigúil), ghetto Éireannach i gCaerdydd i 1880. Maraíodh aathair i dtimpist ag obair agus bhí ar amháthair an chlann óg a thógáil ina haonar.

Agus é fós óg thosnaigh sé leis an domálaíocht, agus roimh i bhfad bhi sé ag tabhairt dúslán na ndomálaithe ba mhó clú sa Bhreatain. Ghabh sé seilbh ar an gcéad Chrios Lonsdale a tugadh don aicme naoi gcloch agus bhuaigh sé Craobh Chleitmheáchan na Breataine Móire.

Chuaigh a chlú go hidimáisiúnta nuair a chaith sé tréimhse sna Stáit Aontaithe sa bhliain 1909. Is ins na Stáit Aontaithe chomh maith a thug iriseoir éigin 'Peerless Jim' air, ainm a tugadh air ó shin i leith.

Chomáin sé leis ag domáil agus bhí a chlú mar dhomálaí agus mar fhear cóir fial ag dul i méid. Ach bhí an aois ag tarrainght air agus ní ró-mhaith a bhi a shláinte. Nuair a tháinig an Cogadh Mór chuaigh sé isteach san arm ina 'sháirsint oiliúna' ag múineadh scileanna troda do na fir óga. Tae éis an chogaidh i 1919, agus é beagnach 40, throid sé i gcoinne Charies Ledoux o'n Fhrainc a bhuaigh air tar éis sé bhabhta déag. Bhí an ceann scríbe bainte amach aige.

Fuair Jim Driscoll bás ar 30 Eanáir 1925. Bhí an tsocraid ba mhó a bhí riamh i stair na Breataine Bige aige, le 100,000 daoine ar feadh sráideanna na cathrach chun slán a fhágáil lena laoch, a gcuradh, a gcara. An fear a tógadh le cruatan sa ghetto Éireannach, cuireadh sa deireadh é amhail is dá mba rí féin a bhí ann.

Ar Lá Fhéile Phádraig 1996 nochtfar dealbh in onóir 'Peerless Jim' san 'Butetown Park' sa cheantar ina mbíodh 'Irishtown' fado. Lá mór do mhuintir na cathrach de gach cine a bhéas ann gan amhras, ach lá do-dhearmadtha do na hÉireannaigh agus do shliocht a sleachta atá ina gcónaí sa chathair speisialta seo.

Patrick Egan a scríobh.



A Poetic tribute to Jim Driscoll in Welsh and in English.

"Peerless Jim"

A brief account in English.

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Leathanach Baile