An Radharc ó Ollscoil Mhorgannwg

Tá Ollscoil Mhorgannwg suite ar thaobh an chnoic i mbaile beag, Trefforest, atá dhá mhíle ó Phontypridd (tír Tom Jones), agus dhá míle déag ón bpríomhchathair, Caerdydd. Tháinig an t- ainm ‘Ollscoil’ isteach anuraidh, roimhe sin ‘Polaiteicnic na Breataine Bige’ an t-ainm a bhí air. Tá trí mhíle mac léinn ag freastail anseo; tagann míle amháin as Éirinn! Braitheann na hÉireannaigh ‘sa bhaile’ anseo mar tá na daoine is an tírdhreach an-chosúil le hÉirinn.

Tá cáil na gcúrsaí ar fheabhas freisin, i mo ábhar, Innealtóireacht Leictreach agus Leictreónach, ach go háirithe. Tá comhaontú idir an ollscoil agus roinnt coláistí teichnúla réigiúnacha in Éirinn: Corcaigh , Trá Lí, Port Láirge, Dún Dealgain, Áth Luain ,Sligeach, Gaillimh agus Muine Bheag agus dá bharr, tháinig mé anseo i 1991 ó Thrá Lí. Tagann a lán daoine as Tuaisceart na hÉirinn freisin. Tá cúpla laethanta speisialta dos na hÉireannaigh anseo: Lá Fhéile Phádraig, an cluiche rugbaí idir Éire agus An Bhreatain Bheag, agus , ar ndóigh, na cluichí sacair leis ‘Na Buachaillí i nGlas’.

An Lá Fhéile Phádraig seo, fuaireamar banna ceoil roc/traidisiúnta agus bhí siad ar fheabhas. Bhí sé ag cur báistí lasmuigh den ollscoil ach bhí sé nios flice istigh. Bhíomar ag cur allais le ceol is le teaspach. Bhaineamar taithneamh as an oíche seo, mic léinn na hÉireann agus mic léinn as tíortha eile!

Tá Cumann Lúthchleas Gael againn sa choláiste is do bhuamar Cluiche Ceannais na Breataine Bige an tSamhain seo chaite, in aghaidh Chaerdydd . Chailleamar an cluiche céanna arú anuraidh, agus bhí an díoltas milis . Tá a lán seinnteoirí anseo freisin agus an oíche a bhfuair ‘na hÉireannaigh’ an cluiche cothrom in aghaidh na 'Sé Chontae' chríochnaíomar ag seinm ar a seacht a` chlog ar maidin: an saol crua, an peann i láimh amháin agus an giotár i láimh eile.

Tá a lán Gaeilgeoirí anseo freisin agus tá sé ar fheabhas ár dteanga a chloisint leis na teangacha idirnáisiúnta eile. Tá an comhphopal Éireannach i dTrefforest ag méadú, agus cuireann sé sin gliondar ar mo chroí. Is fíor é, tagann gach duine ón áit chéanna le chéile thar lear, agus i ndáiríre is cosúil le clann bheag iad. Tagaim ó áit faoin dtuath in Éirinn, agus mar sin tá grá agam don áit seo, áit Cheilteach , áit speisialta idir na gleannta. Beidh Trefforest agus an Bhreatain Bheag i mo smaointe don tsíoraíocht. Dia libh, a chairde!

©: Risteárd Ó Fuaráin, as Ciarraí.

An Briathar Saor Uimh. 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page