Réabhlóid Teanga Tuartha sa Bhreatain Bheag.

Ar an 7 Nollaig 1994 d’foilsigh Bwrdd yr Iaith Gymraeg (Bord na Breatnaise) ‘Canllawiau Drafft ynghylch ffurf a chynnwys cynlluniau’ (Treoirlínte dréachtaithe faoi fhoirm agus ábhar pleananna). Méid A4 atá sa bhfoilseachán seo, 32 leathanach sa Bhreatnais, agus 32 sa Bhéarla – léiriú den chothromaíocht teanga atá ina príomh chloch ar phaidrín an bhoird ó bunaíodh é mar thoradh ar an ‘Acht um Theanga na Breatnaise, 1993’. Sé an Cathaoirleach conspóideach atá air ná anTiarna Dafydd Ellis Thomas, iar- Uachtarán an pháirtí náisiúnta, Plaid Cymru.

Cuireann an tAcht dualgas ar gach institiúid san earnáil phoiblí pleannana teanga a ullmhú a léireoidh conas a chinnteoidh siad go mbeidh an tseirbhís cheanann chéanna á soláthar acu sa Bhreatnais is atá le fáil sa Bhéarla cheana féin. De réir an achta is é an Bord atá freagrach as na hinstitiúidí seo a fhógrú faoi cad é go beacht atá i gceist agus as cigireacht a dhéanamh orthu.

Tar éis dóibh na ‘Treoraithe’ seo a fháil beidh roinnt míonna ag na timpeall 3,500 institiúidí agus forais atá i gceist chun a bpleananna a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird. I gceann bliana no mar sin, cuirfear na pleananna i bhfeidhm.

Má théann gach rud mar ba chóir ón bhliain 1996 ar aghaidh beidh beagnach gach píosa páipéir á eisiúint sa dá theanga agus beidh sé de cheart de réir an dlí ag éinne a g(h)nó a dhéanamh trí mheán na Breatnaise, ní amháin i foirm scríofa ach ar an nguthán nó go pearsanta, ó Caswent (Chepstow) go Caergybi (Holyhead).

Mar chuid den phróiseas pleanála tá seans ag cách aisfhreagairt do na treoirlínte a chur go dtí an Bord roimh 28 Feabhra 1995.

Is féidir cóip de na treoirlínte nó aon eolas eile a fháil ó:

Y Prif Weithredwr,
Bwrdd yr Iaith Gymraeg,
Siambrau’r Farchnad,
5-7 Heol Eglwys Fair,
Caerdydd CF1 2AT.
Cymru.
Fón: 029-20878000.

Tréaslaíonn muid do Bwrdd yr Iaith Gymraeg an fiontar ceannróiditheach seo ach go príomha is iad baill uilig Cymdeitheas yr Iaith Gymraeg (Cumann na Breatnaise) ó 1962 i leith atá le moladh as a d’fhulaing siad ar na sráideanna, sna cúirteanna, agus i bpriosún le cúis na Breatnaise a chur chun cinn. Go ra’ fada buan iad.

Barry Tobin a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile