Scoileanna Samhraidh is Forbairt Eacnamaíoch Áitiúil

Gach uile bhliain, tugann suas le 20,000 duine aghaidh ar Scoileanna Samhraidh chun an Ghaeilge a fhoghlaim agus saibhreas cultúir na Gaeltachta a bhlaiseadh. Ar ndóigh, is gné den scéal seo an tsuim sa teanga, ach tá níos mó ag baint léi ná an tsuim amháin. An lá atá inniu ann, más maith le daoine é nó ní maith, tá Scoileanna Samhraidh ina gcuid de thionscal na turasóireachta. Tugtar ’Turasóireacht Chultúrtha’ uirthi, agus tá sí ag fás; mar is cosúil nach bhfuil na daoine sásta, mar a bhíodh b’fhéidir, a bheith ach ag fánaíocht timpeall trá éigin i Mallorca ag caitheamh siar an Sangria. Dar leo gur cheart go mbéadh níos mó sa saol, tá uathu úsáid a bhaint as a n‒intinní féin chomh maith, nó scileanna nua a fhoghlaim.

Príomh eagras atá ar thús cadhnaíochta i dtaca leis an thurasóireacht nua is ea ’Oideas Gael’, lonnaithe i nGleann Cholm Cille i dTír Chonaill. Tá siad tar éis a ’ nDeich mBliain Faoi Lán tSeoil’ a chomóradh ar na mallaibh. Ó 1984 i leith, tá Oideas Gael ina shaghas ceannrodaí, ag ceangal ceist na teanga le chéile le turasóireacht is forbairt eacnamaíoch logánta i gceann de na ceantair is iargúltaí in Éirinn. Gach bliain ó aimsir na Cásca i leith, bíonn cúrsaí éagsúla á dtionól acu; damhsaí seite, an teanga, seandálaíocht, péintéireacht, srl., óna bhfoirngneamh breá nua‒aimseartha, ’Foras Cultúir Uladh’. ( I mí Iúil déantar cúrsa faoi leith a thionól, ’Cultúr is Teanga’, meascán lúcháireach ina bhfuil an teanga, seiteanna, feadóg stáin, filíocht agus, más fior, an t‒uafás craice!)

Ar ndóigh, ní mór a rá, agus na Gaeil i gceist, go bhfuil craic is léann fite fuaite le chéile, ach tá na cúrsaí seo eagraithe go hanphroifisiúnta fosta, mar is cóir. Is léir go bhfuil dreameanna ag ardú i measc na ndaoine, is maith leo gach rud a bheith i gceart, an teagasc, an t‒atmaisféar, an chóiríocht, an bia, gach rud. Ní híonadh é seo, go mór mór nuair tá mic léinn ag freastal ar na cúrsaí ón iasacht; tagann a lán daoine ó cheann ceann na hÉireann ach tagann daoine eile ó thíortha i bhfad ar siúl. Ó chuaigh mise chuig Oideas Gael ó thús, trí bliana ó shin, bhuail mé le daoine as Meiriceá, An Fhrainc, Sasana, An Bhreatain Bheag, Críoch Lochlann, An Ghearmáin agus a leithéidí eile: muise, bhí bean óg Sheapáineach ann, fiú! “ Féach!“ arsa Liam Ó Cuinneagáin, Stiúrthóir Oideas Gael, “ má tá tú ag triall ó Bhoston, abair, agus is í ach seachtain amháin a bhfuil agat, tá tú i dteideal do sheirbhís mhaith. Tugaimid faoin tseirbhís is fearr a sholáthar do chách, tá sé de dhualgas orainn.“

An amhlaidh gurb é tionscnaimh den saghas seo an bealach chun tosaigh d’áiteanna dála Ghleann Cholm Cille? Ó thaobh na teanga de, is dócha gurb iad. Leis an fhírinne a rá, níl sa ghleann ach Breac‒Ghaeltacht anois, agus ní inniu nó inné a thosaigh cúrsaí ag dul in olcas sa cheantar. Le fada an lá, tá an áit thíos leis na seanfhadhbanna úd, imirce is bochtanas, in ainneoin na hoibre clúití a rinne an tAthair Mac Daidhir fíche bliain ó shin. ( Aisteach go leor,níor chuir an fear mór seo ach spéis bheag sa teanga, ach cothrom na Féinne a thabhairt dó, bhí tosaíochtaí práinneacha eile aige an t‒am sin).

Is dóigh le Liam Ó Cuinneagáin is a Chomhstiúrthóir, an Dochtúir Seosamh Watson, gur féidir an teanga a chaomhnú ag an am céanna agus fostaíocht áitiúil a chruthú mar go bhfuil neart jabanna agus ioncaim ag brath ar a n‒iarrachtaí sa ghleann ‒ poist sa bhialann in aice le Foras, ioncam do mhná tí a bhfuil lóistíní acu, poist sealadacha do mhúinteoirí ‒ gan a bheith ag caint faoin airgead a dhéanann títhe tábhairne agus na mic léinn timpeall. “Tá iarracht á tabhairt againn chun a léiriú do bhunadh na háite gur rud luachmhar i mbealaigh eile í an Ghaeilge. Meastar do dhaoine éigin go bhfuil sí ag baint leis an am a chuaigh thart, nó síleann siad go bhfuil Béarla níos fearr, gurb eiseann atá ag baint le rath, ach an Ghaeilge, bhuel, le marbhántacht amháin. Cúrsa polaitiúil is é sin, agus an‒ársa, is eagal liom.“

Is léir go bhfuil nasc láidir idir an teanga is an obair. “ Táimid ag tógáil ar a thóg an tAthair MacDaidhir“ arsa Liam. “Bhí air streachailt go dian chun áiseanna a fháil. Déanaimidne a leithéid. D’éirigh linn cistí a bhuachan ó Údaras na Gaeltachta, Ciste Idirnáisiúnta ar son na hÉireann, Iontaobhas Ultach, chomh maith le cabhradh ó Roinn na Gaeltachta, Comhairle Chontae Dhún na nGall agus mar sin de. Arís eile, d’íoc Comhphobal na hEorpa do chúrsa fíodóireachta faoin chlár ‘Horizon’. Tá seisear duine óg ón ghleann cláraithe air, neart airgid, bíodh geall, agus i dtaca lenár mic léinn féin, cuireann siadsan neart airgid isteach sa ghéilleagar áitiúil chomh maith. Áirím go bhfuil suas le £0.25m i gceist anseo. Níl sé ró‒olc, nach bhfuil?“

Ní féidir a bheith cinnte de go hiomlán, ar ndóigh, ach tá cuma ar an scéal go leanfaidh Oideas Gael ag dul ó neart go neart : mar a deir mo dhuine, níl sé ró‒olc ar chor ar bith!

©: Stiofán Mac Réill, 1994.

Is as Dún Blatháin (‘Dunblane’) in Albain do Stiofán.

An Briathar Saor Uimh. 1

Leathanach Baile / Hafan / Home Page