Scuabadh na nDuilleog
Bhí gaoth an fhómhair ag séideadh aréir
Ag suathadh an tsráidbhaile dá bhonn,
Is siúd go luath seanduine ag scuabadh
Duilleoga na gcrann.
BhÌídronn air os cionn a scuaibe
Is do shiúl sé go tréith gan bheo,
Mar a bheadh duilleog an dreo sa tóir
Ar dhuilleog an fheo.
Carnán eile; sos ansin
Gach ré ceathrú uair;
Fómhar eile, is beidh sé féin
Fé an duilliúr.
An dán sa Bhreatnais, 'Dysgub y Dail': 'Crwys' (William Crwys Williams).
Aistriúchán: Barry Tobin.
Muileann Tréimhín / Melin Trefîn
Dán eile le Crwys.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.