Seanbhothán an Ghréasaí 'Deio'
'Moinéar an tSrutháin', nach duairc a chuma
Ina charnán ar bhruach an tsrutha;
Léirscrios iomlán gan aon agó
Níl trácht ar an áille a bhí ann fadó.
Níl trácht anois, níl trácht ar fháilte –
Ná guth ard, ná glas, ná laiste;
Níl doras darach ann ar leathadh
Ón chlós go dtí seanchistin an teasa.
Níl claí á dheisiú, níl geata chun báin
Níl solas déanach le hais tinteáin.
Séideann an ghaoth tríd an ngairdín cnagarnach,
Is tá driseacha ar fán thar an mainreach,
Neantóga mar a bhíodh giolcach sléibhe
Is an crann bosca gan rian a scéimhe.
Tráth do bhíodh ann saothar is feisteas,
Bua na ceirde is an seanghrinneas,
Ach áit gan slacht is ea í anocht,
Is tá an seanghréasaí ina uaigh go docht.
Ach chun cuimhne a thagann a shaibhreas,
A chling cheart is a ráiteas le gliceas –
Macallaí na mbuillí macánta
Lena chasur ar a cheap galánta.
Meanma a stuaime is a mheana cruinn
Rith na céarach is fuáil ghrinn,
A lámh go dian is a ghreim go teann
Casadh an tsnáithe ab ea a bheann.
Níl bladhm ann, níl fuaim siúlóide.
Níl binse geal faoi bhun fuinneoige.
Ní thiocfaidh éinne le ciúnas oíche
Chuig a uaigneas arís choiche.
Dán sa Bhreatnais, 'Hen Fwthyn Deio'r Crydd': Alun J. Jones ('Alun Cilie'), 1897 – 1975.
Aistriúchán: Barry Tobin.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.