An Sean Séipéal
Sean áit bhánaithe anocht go léanmhar,
Créacht ghránna ar cruth an cheantair;
Foirgneamh folamh gan léas gan solas,
Sean teach cruinnithe ar dhúnadh a dhoras.
Áit gan aird lena haghaidh liath.
Ní théitear anois ann go bhfios do Dhia;
Áitreabh na naomh gan choischéim
Agus Beithil ár ndóchaís ag deireadh réim'.
Tá a dhoras faoi sceacha lúbtha,
Tá driseacha um a chúirt chumtha:
Mogalra fiailí mórthimpeall uirthi
Na hiúir á mbascadh ag síon an gheimhridh
An díon, á réabadh ag an gcuaifeach,
Níl fágtha dhe anois ach fothrach.
An dán sa Bhreatnais, 'Yr Hen Gapel': Alun J. Jones ('Alun Cilie'), 1897 – 1975.
An t-aistriúchán: Barry Tobin.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg.