*******************
I gceantar Shliabh gCua in iarthar Chontae Phort Láirge is i gceart lár na nDéise sea rugadh Pádraig Ó Miléadha i 1877. Tógadh ag a sheanathair, Muiris, é. Focal Beárla ní raibh ag Muiris ach mar sin féin, nuair a chríochnaigh Pádraig a scolaíocht sa scoil náisiúnta áitiúil ní raibh léamh ná scríobh na Gaeilge aige. Dfhoghlaim sé féin na scileanna seo áfach is é fós ina dheagóir ina áit dhúchais fhéin.
Timpeall 1903 dfhág sé Éire is lonnuigh sé i gClydach, baile beag i gceantar tionscalaíochta i gceantar Abertawe (Swansea). Fuair sé post ainsin i monarcha nicile Mond, phós sé bean ó na Déise is saolaíodh leanaí dóibh. Bhí an Bhreatnais an-láidir i gClydach sna laethanta úd roimh an Chéad Chogadh Domhanda agus bhí roinnt éigin den teanga ag na leanaí, amhráin ach go háirithe.
Is sa Ghaeilge, áfach, a bhí dúil Phádraig i gcónaí agus ghlac sé páirt go fonnmhar in obair an Chonartha (Conradh na Gaeilge) i measc na ndeoraithe as Éirinn. Níor sheachain sé an pholaítíocht ach oiread agus um 1914 bhí sé páirteach in Óglaigh na hÉireann a raibh cathlán acu le geall le 100 baill go gníomhach sa cheantar.
I 1993 taiféadadh leagan an-álainn de Sliabh geal gCua ag Mary Greene as Cathair Chorcaí sa chaisín The land you love the best le Noel Shine agus Mary Greene. Is féidir an caisín sin a fháil ó : Gael-Linn, 26 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Cliath 2, Guthán- (01) 6767283. Nó is féidir na focail maille leis an gceol a fháil i Ceolta Gael (Imleabhar 2) le Seán Óg agus Manus Ó Baoill, foilsithe ag Cló Mercier, 4 Sráid an Droichid, Corcaigh. Guthán-(021) 275040.
Scríofa ag Barry Tobin.
An English ‘translation’ (as ’accurate’ as could be achieved by an amateur) of part a long poem by Pádraig Ó Miléadha, ‘Trí Glúine Gaedhal’ (‘Three Generations of Gaels’) published in Dublin in 1953. In the section translated he gives a graphic account of his journey to, life in and eventual return to Ireland from the Swansea Valley, South Wales.
Hanes Pádraig Ó Miléadha yn y Gymraeg
Mynydd Cŵa Disglair (Sliabh Geal gCua)
Cân Pádraig Ó Miléadha yn y Gymraeg.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg