Spadhar
Do chonnaic mé spadhar na gréine inniu
Is na scamaill ar sodar thar bráid;
Grág na bhfaoileán sa tsráid úd amuigh
Ag fógairt a ocrasaí is atáid.
Cúbadh na gcolúrtheifeach le fallaí an tí,
Tá a gclúmhsa ataithe ag a bhfuacht;
Ní mór an bhiaiste leo seilg na slí,
Ghoideamarna ar fhág Dia leo le huacht.
Do chualasa glaoch na traonach fadó
Sa mhóinéar i Múscraí Uí Fhloinn;
Ach ní fhacasa riamh an t-éan groí sin beo
Ná fuil fáil air anois ach corr-chadhan.
I Sumatra na spiosraí tá tarrach na mbladhm
Ag réabadh na bhforaoisí bhí glas,
Ag forloscadh na n-éan le ruathar is madhm
Is ag sú idir phlanda is ghas.
Titeann deora an tiúna sa phláta sailéid
Ina n-anlann le cnámhra sicín;
Tiocfaidh deireadh le smólaigh ar mhaithe le méid
Is ní cás linn sciathánleathairín.
I ndeisceart na Frainnce ní slán don éinín
Ar a haistear ón Aifric aneas;
An fháilte bhíos roimpi ná gaiste an lín
Is a bheiriú in ola scallta an teas.
Ar ghaineamh na Spáinne tá buinneach is fuil:
Tá an toreador taibhseach sa tóir;
Tá uchtach an tairbh thraochta á mhill
Is an garbhshlua ag tnúth le comhghlóir.
In Éirinn nua an tsó is na ndeontaisí
Tá na sléibhte á gclúdach le tréada;
Caoirigh ag creimeadh le neamhshuim taibhsí,
Ag fáil bháis ina mbeartáin chnámha.
Táimid damanta, a dheirfiúracha arsa Nuala na nDán
Is ní taise dos na fir is na leanaí;
Muna n-aithnímid gan mhoill go bhfuilimidne ar fán
Ní bheidh ann do neach beo ach an ceannaí.
An Ceangal
Naomh Proinsias na n‑éan, is é do bheannaigh do gach dúil bheo,
Is san Caintic na Gréine is ea do aontaigh sé talamh le neamh;
Cár mhiste dhúinn féinig a fhís do thuiscint gan ghó:
Ag caomhnú na ndúl le súil is go mba buan do gach cine is treabh.
Scríofa ag Barry Tobin 1999.
Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg.
Baile / Home.