Sruthán an tSléibhe
Sruthán an tsléibhe go drithleach lonrach,
Ag caismirneach chun an gledanntáin,
Crónán íseal i gceartlár na luachra, –
Ó, go mbeinn dála an tsrutháin!
Fraoch an tsléibhe in a mblátha,
Ag féachaint ortha tagann tnúth
Le fanacht thall i measc na sléibhte
Leis an bhfraoch is an leoithne chiúin.
Éanlaith mhion na sléibhte arda
Éiríos ins an aer folláin,
Ó dhroim go droim a bhíonns ag eitilt, –
Ó go mbeinn im éinín fiáin.
Mac an tsléibhe is ea mise,
Im dheoraí leasc ag cumadh dáin,
Ach sa tsliabh atá mo chroíse
Leis na héin is na fraocháin.
'Ceiriog' (John Ceiriog Hughes) a chum an dán 'Nant y Mynydd' sa Bhreatnais.
Barry Tobin a rinne an t-aistriúchán.