Seán Sairséal Ó hÉigeartaigh (1917-1967).

Nuair a fuair an foilsitheoir Seán Sairséal Ó hÉigeartaigh bás ar 14 Meitheamh 1967 dúirt Máirtín Ó Cadhain: “Ma tá litríocht na Gaeilge ann ó 1940, is de bharr gur chuir Seán Ó hÉigeartaigh roimhe go mbeadh sí ann”.

I Welshpool a mgadh Seán leathchéad bliain roimhe sin. Cén chaoi ar tharla gur sa Bhreatain Bheag a céadchonaic sé an solus? Toisc baint a bheith aige leis na hÓglaigh is ea a aistríodh a athair P.S.Ó hÉigeartaigh as Corcaigh go Shrewsbury nuair a bhris an Cogadh Mór amach. Le fiche bliain anuas bhí sé ag obair don seirbhís poist. Cuireadh gairid ma dhiaidh sin go Welshpool.

Ag pointe éigin i 1918 iarradh air mionn dílseachta a ghlacadh agus thug sin an deis dó éiri as an státseirbhis agus filleadh ar Éídnn mar a bhfuair sé post mar bhainisteoir ar shiopa leabhar Éamoinn Mhic Ghiolla lasachta i mBaile Átha Cliath. B' íontach an duine é ag cuimhneamh dúinn gur fhág sé scoil nuair nach raibh aige ach 13 bliain d'aois agus go raibh sé féin agus a mháthair agus a dheartháir Seán (a bheadh ina bhriqgáidire in Arm na Poblachta in iarthar Chorcaí i rith Chogadh na Saoirse).fíorbhocht. Plaistéir ab ea a athair ach fúair sé bás nuair a bhí an bheirt bhuachaillí an-óg.

Togadh Seán Sairséal agus a bheirt deirfiúr go dátheangach. Bhí léamh na Gaeilge go maith ag P.S. ach meastar gur líofa a bhí sí ag a mháthair, Wilhelmina Rebecca Smyth, duine den 11 clainne a bhí ag ministir Preisbitéarach i gCo. Dhoire. I Londain a d'fhoghlaim sise a cuid Gaeilge. San aon lóistín léi ainsin bhí a deirfiúr mhór Eilís Dill Nic Gabhann. Bhí Gaeilge mhaith aici sin freisin agus ar ball tháinig sí chun cónaithe le muintir Éigeartaigh i dTeach na hArdpháirce, Tír an lúir.

Ó 1922 go 1945 bhí P.S. ina Rúnaí ar an Roinn Poist agus Teileagrafa. Nuair a d'éag Eilís i 1945 d'fhág sí £300 le huacht ag Seán agus is leis an airgead sin a bhunaigh sé an comhlacht foilsitheoireachta Sairséal agus Dill. Tá, dá bhrí sin, cuimhne leathchéid bliain áp fhiontair litríochta ba mhó riamh in Éirinn á ceiliúradh i mbliana

D'fhoilsigh siad na scórtha leabhar ar chlasaicí cuid nach beag díobh; "Tonn Tuile, Cré na Cille, Eireaball Spideoige, Bullaí Mhártain, Margadh na Saoire..." Is fíu a lua in ‘An Briathar Saor’ gur fhoilsigh siad i mbliain 1963 "Bás nó Beatha?" le Saunders Lewis agus Máirtín ó Cadhain.

Diarmuid Breathnach a scríobh.

******************

An Briathar Saor Uimh. 3

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile