Teaghlach Éireannach an Ghorta
Scéal Nár Chríochnaíodh Fós

Cur síos a cheanglaíonn Iarthar Chorcaí, Iarthar Phort Láirge agus Caerdydd na Breataine Bige

Is é a deir béaloideas an teaghlaigh gur shrois Michael FitzGerald, seanathair mo mháthar, an chathair seo Caerdydd i 1848 nó 1849. Thaisteal sé ón Sciobairín in Iarthar Chorcaí. Ag teacht i dtír dó le gaolta banúla, ba é an t–aon duine dá chlann a tháinig slán. Gach duine eile, a thuismitheoirí, a dheartháireacha, a dheirfiúracha, fuaireadr bás de dheasca an Ghorta Mhóir i agus thart fán mbaile sin. Phós sé agus rugadh clann dó, agus iníon san áireamh, Catherine, máthair m’athar, tímpeall 1860.

Rugadh mo sheanathair, Cornelius Sweeney, i bParóiste Bhréan Trá timpeall ceithre mhíle ón Sciobairín i 1860 tar éis don Ghorta a bheith thart, ach d’fhulaing a thuismiteoirí é.

Ba chlann Ghallóglach i nGarbhchríocha na hAlban iad muintir Mhac Suibhne a throid leis an Ó Dónaill i dTír Chonaill le 400 bliain a ndeirtí ina dtaobh gur fágadh taobh thiar in Iarthar Chorcaí i ndiaidh Chath Chionn tSáile i 1601 iad. Bhí deasca an dishealbhaithe agus na deoraíochta orthu fós.

Tháinig Cornelius Sweeney go dtí Caerdydd go luath ins na 1880aí gur phós sé Catherine Fitzgerald. Bhí sé ag obair ina dhiaidh sin mar ‘Cóiritheoir’ Guail ar na dúganna i gCaerdydd agus Barri. Rugadh 17 leanaí dóibh as a dtáinig 11 slán. Phós duine des na leanaí ab óige, Cornelius, mo mháthair Margaret O’Brien i 1926. Rugadh 9 leanaí dóibh a a dtáinig 7 acu slán. Is é mise an duine is óige as na leanaí sin.

Tháinig muintir mo mháthar, na Brianaigh / Niallaigh go dtí Caerdydd ar amanna éagsúla. Deirtear i dtaobh na mBrianach gur theitheadar ón nGorta sa cheantar thar fá Chloich na Coillte / Cúirt Mhic Shéafraidh in Iarthar Chorcai siar ins na 1840aí. Chuadar go dtí Learpholl ar dtúis agus shroiseadar Caerdydd fé dheireadh, siar ins na 1850aí, geall leis. Sin a bhfuil d’eolas againn futhu.

Tá stair réasúnta iomlán faoi na Niallaigh / Búrcaigh. Rugadh John O’Neill, seanathair mháthar mo mháthar 1 1846 i nDún Garbhán, ag tús an Ghorta as a dtáinig a theaghlach slán. Rugadh Ellen Burke, an té a bhí le bheith ina bean chéile dhó, i nDún Mánmhaí in Iarthar Chorcaí i 1844, ag tús an Ghorta chomh maith. Iníon le feirmeoir a raibh talamh aige, Seán Burke, ab ea í. Fuair athair Sheáin an talamh trína “dhathanna a athrú” um phósadh i 1790, sar a cuireadh na Péindlíthe ar ceal. Chuaigh John O’Neill ag obair dóibh ins na 1860aí mar spailpín. Thit John agus Ellen i ngrá le chéile. Níor aontaigh na Búrcaigh le pósadh a n–iníne le spailpín, mar sin theitheadar go dtí Cathair Chorcaí. Phósadar agus rugadh a chéad leanbh, Ellen, ansin dóibh. Baisteadh sa Linn Dubh í.

De dheasca an ghorta chinneadar ar dul ar bord luinge i gCionn tSáile i 1867 a bhí le dul go dtí Tuaisceart Mheiriceá, ceann des na ‘longa cónra’ úd a d’éirigh ina gcónraí dá bpaisinéiri go minic nuair a chuadar go tóin nó de thoradh an fhiabhrais a thug a lán des na paisinéirí ar bord leo. Theip ar a lán des na paisinéiri seo teacht i dtír in Ameiriceá.

Chuaigh a long go tóin poill ins na Bealaí Thiar. Sábháileadh cuid des na paisinéirí gur cuireadh i dtír i bPenfro (Pembroke) in Aberdaugleddau (Milford Haven) iad. Ina measc do bhí John O’Neill is a chéile, agus a n–iníon, Ellen. Shiúladar go dtí Caerdydd, ag obair ar fheirmeacha sa tslí. Níor ligeadh isteach sa bhaile (níor ‘cathair’ í Caerdydd go dtí 1909 – Eag.) ar eagla go mbeadh fiabhras orthu agus lonnaíodar i ‘Baile Éireann’ a bunaíodh i bPenmarc, in aice leis an áit in a bhfuil Aerfort Chaerdydd anois.Gach lá tógadh John O’Neill agus Éireannagh eile le trucail agus capall go dtí a gcuid oibre i ndúganna Chaerdydd.

Rugadh leanaí eile i bPenmarc dóibh: mo sheanmháthair Catherine, Mary –Ann, Honora agus sa deireadh, William. D’imir William Rugbaí do Chaerdydd níos déanaí, ins na 1900aí. Roghnaiodh i 1906 é le himirt don Bhreatain Bheag i gcoinne na ‘Springboks’. Fuair sé 6 / 7 gcaipín eile cé gur cuireadh iachall air a ainm a athrú go “Billy Neale’. (Níor mhisde a lua anso ná toghfaí in aon chor le himirt do fhoireann na hÉireann ag an am sin é. Ba dhúgaire ar ché mhianach iarainn i gCaerdydd é – den aicme chontráilte ar fad!).

D’fhág an teaghlach Penmarc go luath ins na 1870aí chun cónaithe i 67 Milton Street, Y Rhâth, Caerdydd. (Geiteó Éireannach City Road). Dealraíonn sé go raibh rath orthu. Phós Catherine mo sheanathair, Michael O’Brien, go luath ins na 1880aí. Rugadh 9 leanaí dhóibh, mo mháthair Margaret san áireamh, a rugadh i Milton Street i 1898.

Labhair mo shinsear go léir an Ghaeilge ins an tigh is an Béarla amuigh is ag obair. Is dócha gur bhain an tAcht um Oideachas, 1870, an bonn den Ghaeilge cé gur leanadh ar aghaidh á húsáid suas go dtí an Chéad Chogadh Domhanda.

©: John Sweeney, Cathaoirleach Fhóram na Breataine Bige um an nGorta.

Aistriuchán ón Bhéarla: Barry Tobin.

An Briathar Saor Uimh. 4

English

Abhaile / Home