Teidil faoi Scannán.



Tá na mannaí Ghaeilge go léir ar na ballaí gidh gur Chaerdydd na Breataine Bige seachas Béal Feirste atá ann. Tá an múinteoir óg cinn ruadh ag insint scéal deas do pháistí Bhóthair Sheoighe, ach Breatnach óg de bhunadh Merthyr Tudful atá san fhear óg .Seo céad dréachtaí ‘Branwen’ scannán Ceri Sherlock & Angela Graham faoin phósadh cailín as an Bhreatain Bheag agus fear as Cúige Uladh. Dráma ardáin a bhí i mBranwen ar dtús, ó pheann an scríbhneóra mhóir-le-rá Gareth Meils.Bhunaigh Gareth a dhrámasa ar an fhinscéal ‘Branwen’, inar phós deirtiúir Rí na Breataine, Branwen, rí óg na hÉireann, Marholwch. Spreag achrán idir an bheirt, deargchogadh idir Éireann agus an Breatain, agus scriosadh an dhá oileán.

Sa leagan nua-aoiseach den seanscéal, poblachtánach óg ó Iarthar Béal Feirste atá i Kevin Mac Carthy (Richard Lynch), agus iníon ministéra as Gwynedd atá i mBranwen (Morfudd Huws). Bhuail an bheirt le chéile i gColáiste na hOllscoile, Aberystwyth, agus phós an bheirt faoi bhrú de thairbhe maicín a bheith ag teacht. Cuireann an lanúin futhu i mBéal Feirste, ach scarann siad óna chéile tar éis eachtra fhuillteach sa chathair. Chan inseoidh mé deireadh an scéil ach go bhfagann sé pobail éisteachta ina dtost.

Fuair Ceri Sherlock clú agus cáil cheana féin mar léiritheoir scannán gconspóideacha sa Bhreatnais. Iníon oibrí ón longchlós agus bhean ón phobal Caitliceach atá in Angela Graham, í pósta le Breathnach agus an Breatnais ar a toil aici. Cumannach ó ceartlár ceantair na Breatnaise atá i nGareth Meils, agóidóir ar son a theanga dhúchais, scríbhneóir teilifíse agus drámaí. Fuair an triúir tacaíocht ó fhoireann ioldánach, agus bhí sé ar eolas ag cách go raibh cor nua i stair na hÉireann ag scannánú dóibh. Caipéis stairiúil atá sa scannán seo, má tá an bua ag an tsíocháin. San idirlinn, doiciméad thar a bheith daonna atá ann, ina bhfuil an grá agus an gruaim fite fuaite le céile. Na pearsain go léir ag mothú agus ag fulaingt, ag baint aoibhnis go beacht mar a dhéanann muidne.

Ba mhór an phribhléid é a bheith ag saothrú le Morfudd Huws agus Richard Lynch maidir leis an Ghaeilge de. Fiche blíain ó shin, níor dhéanadh aisteóirí Bhreatnaise iarrthas ar bith a gcainiúntaí dhúchais a nathrú cibé páirt a bhí á ghlacadh acu. Ach d’imigh sin agus tháinig seo.Bhí an bheirt go cúramach, bríomhar agus iad ag éisteacht le fuaimeanna na Gaeilge agus iadsan a chur i bhfeidhm cúpla bomaití ina ndiadh sin. Uair a chloig agus bhí na habairtí iomlána ag stealladh óna mbéil.Agus ansin, agus míonna an phróiseála sa stiuideó is an tsos chogaidh in Ultaibh imithe thart, an teachtra a fheiceáil ar an scáileán - aisteóirí Bhreatnaise, agus aithritheóirí Bhéal Fheirste Thiar (an sean-bhithiúnach Gearóid (‘Citizen Kane’) Ó Cearalláin ina measc) i dteannta a chéile, ag insint scéil ár linne, ag léiriú taithí gnáthdhaoine í lár na báire.

©: Tim Saunders.

Alt eile le Tim Saunders



An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i’r Wyddeleg

Baile