Tíortha Saibhre, Náisiúin Bhochta

Ceachtanna an Ghorta Mhóir nár Fhoghlaimíomar go Fóill. . .

“Plus ça change, plus c’est la même chose.”, a deirtear sa bhFrainc : “Dá mhéad é an t‒athrú ar rudaí, móide gurb ionann rudaí i gcónaí iad.”

Éire, 1846. Tír le hacmhainní saibhre ach lena geilleagar ceansaithe agus curtha as a riocht chun riachtanais speisialta a riar ar thír eile. Tír atá bunaithe ar thalamhaíocht a bhfuil a cuid talún ag táirgiú na gcineál earraí a bhfuil gá leo sa tír úd tionscalaíochta atá mar chomharsa aici in áit a bheith ag riar a riachtanas ar a muintir féin. Tír ina bhfuil an chuid is mó dá háitreabhaigh gan údarás ná tionchar i leith a n‒acmhainní. Tír ina gcuirtear an chuid is mó des na daoine ar leataobh an gheilleagair thrádála go dtí na feirmeacha bídeacha mar a mbíonn siad ag brath ar bharr a raibh rath air, go dtí na 1840aí ar aon nós, is é sin an práta. Ní bocht go fírinneach é an tír seo, ach fagadh beo bocht í.

An domhan atá ag ‘forbairt’ ‒ An Aifric, mar shampla ‒ 1996.

Tíortha talmhaíochta arís eile, ach le céatadán atá ag dul i méad den talamh in úsáid chun bairr a fhás lena n‒easpórtáil ‒ caife, siúcra, cócó, cadás, tobac, tae, rubar, torthaí, ola phailme, srl. ‒ in áit chun bia a riar ar mhuntir na tíre féin.

Tíortha ina mbíonn brú, a éiríonn níos scriosúla i gcónaí, ar an talamh atá fágtha acu chun bianna a tháirgiú don mhargadh baile.

Tíortha ina mbíonn a dtáirgí tionscalaíochta ‒ ola agus mianraí cosúil le halúmanam, úráiniam, copar, srl. ‒ á n‒easpórtáil, de ghnáth ina mbunchruth, le cothú agus le freastal ar shaibheas, ar chomhlachtaí agus ar institiúidí i dtíortha an ‘Tuaiscirt’.

Tíortha mar a mbíonn brabús ag mionlach beag fad is a fhulaingíonn an chuid is mó.

Tíortha, ina bhfuil saibhreas acmhainní acu nó a mhalairt, atá i ‘bhfiacha’, agus na ‘fiacha’ sin á stiúradh is á gcoinneáil ag ‘póilíní gnó’ lucht an tsaibhris, mar atá Banc an Domhain, an Ciste Airgeadúil Idirnáisiúnta agus mar sin de.

Tíortha le geilleagair chomh héagórach uaireanta, is go mbíonn gá le deachtóirí polaitiúla gránna, a bhíos á dtacú is á gcoinneáil le cumhacht lucht rachmais an domhain, le buaine an status quo a chinntiú.

Agus idir 1846 agus 1996 cad a d’athraigh, ní fheadar? Is ar éigean gur athraigh faic na fríde. Is ionann, beagnach, na ceangail eacnamaíochta, agus, os rud é gur athraigh rudaí eigin, is i dtíreolaíocht an ghréasáin a feictear na hathraithe sin.

Agus an scéal á mheas againn, feictear dúinn gurb é rud a tharla ná gur laghdaíodh na difríochtaí móra a fuarthas ar fud na hEorpa céad bliain nó níos mó ó shin ‒ an ollbhearna shoisialta idir na daoine bochta agus lucht am tsaibhris ‒ gur easpórtáladh agus gur bunaíodh ar fud an domhain iad. An Tuaisceart saibhir agus an Deisceart bocht. Nach í fírinne an scéil gurb é cothú ón Deisceart a thug ar ár gcumas pobail níba chothroime (toisc níba shaibhre) a chruthú sa Tuaisceart?

Ar an dóigh chéanna freisin atá torthaí an cheangail mhíchothroim. Boichte, seirbhísí oideachais agus seirbhísí leighis nach sroiseann iad siúd is mó a riachtanais, córais shoisialta atá ag titim as a chéile. Brú agus brú eile ar thalamh gann ‒ ó thaobh mhargaidh gan fís gan choinsias agus ó thaobh líonta daoine ocracha nach bhfuil sé d’acmhainn acu cúram na timpeallachta a ghlacadh orthu féin.

Agus aon rud amháin eile nár athraigh ach oiread is ea ár dteoiriciú claonta, sinne a bhfuil an ceangal míchothrom chun ár leasa is chun ár dtairbhe, faoi nádúr an scéil agus faoina chomharthaí. Tugaimid airgead, go fial flaithiúil uaireanta, leis an fhulaingt is measa agus is drámata a laghdú, ach is beag í ár dtuiscint faoi nádúr an ghorta is faoi nádúr na boichte. Creidimid go bhfuil cumhachtaí neamhphearsanta an nádúir freagrach astu, nó b’fhéidir mírialú. Nó fiú lagaíochtaí a bhaineann le dúchas inbheirte na ndaoine bochta iad féin ‒ cosúil leo siúd a chomeádadh na Breatnaigh, de réir mar a chonaic na Sasanaigh an scéal ar aon nós, ‘go tútach’ dhá chéad bliain ó shin, sórt ‘easnamh éigin caractair’. Gheibhimid locht ar gach duine agus ar gach rud ach ní gheibhimid locht orainne féin ná ar fhorlámhas an domhain is a acmhainní atá againn.

Ón Oilean Glas go dtí an Mhór‒roinn Dubh ‒ céad go leith bliain d’ama is na mílte míle d’aistear eatarthu ach is san áit cheannann chéanna atáimid. Ach cuimhnigh ar seo: cuimhnigh ar an dochar a rinne leatrom is an doicheall roimh é sin a aithint in Éirinn sa tréimhse atá faoi chaibidil againn. Cuimhnigh chomh maith nach ‘Éire’ amháin a chruthaíomar le linn an chéid seo. In a dhiaidh sin, samhlaigh domhan ina mbíonn náisiúin dá sórt ag éirí amach i gcoinne a gcinniúna agus, b’fhéidir, ag glacadh arm inár gcoinne. Samhlaigh agus bíodh imní ort. Nó, más amhlaidh go bhfuil ciall agat, bíodh imní ort agus déan rud éigin. Tar éis an scéil, is iad cothrom agus ceart praghas na síochána.

©: Geraint O. Thomas, 1996. Léachtóir le stair i Wrexham is ea údar an phíosa seo.

Aistriúchán ón Bhreatnais: Comhluadar Chaerdydd.

Breatnais / Cymraeg

An Briathar Saor Uimh. 4

Baile / Home