Chomh fada anall le roinnt blianta ó shin, thionóltaí an ’Plygain’ nó an ’Pylgain’ go rialta in eaglais an pharóiste agus, uaireanta, i séipéil na n‑eaglaisí eile. Cruinniú diaga a bhí ann a thionóltaí roimh bhreacadh an lae, Lá Nollag, le teacht Íosa Críost ar an domhan a chomóradh. D’fhaightí go leor amhránaíochta, guíonna is buíochais is sórt éigin seanmóra nó aitheasc gearr. Ins na laethanta ar bhain brí leis an bPlygain, ba chuid riachtanach de carúil a chanadh ach níor chuala mé féin carúl á chanadh i bPlygain ná in áit éigin eile. Um laethanta m’óige, ní raibh mórán difríochta idir Plygain agus cruinniú coitianta guí. Nuair a bhí mise im’ bhuachaill, bhí mé, roinnt amanna, i bPlygain in eaglais Llancynfelyn, ach ní thagadh aon bheannacht orainne, na leanaí, toisc go dtéimis ann ó bheith ag déanamh ’cyflaith’ agus le cnapanna den chomhbhruith mhilis inár bpócaí is ní dheinimis faic mórán níos mó ná ithe agus codladh!
As an leabhar, Coelion Cymru (Piseoga na Breataine Bige) le Evan Isaac (1845 ‑ 1938) a fhoilsíodh sa bhliain 1938.
Nótaí:
Plygain: seirbhís na Nollag a thionóltaí go moch maidine ar Lá Nollag.
Is cosúil go dtagann an nós ó’n tréimhse roimh an
Reifirméisean nuair a bhí an chéad Aifreann Lá Nollag roimh
bhreacadh lae.
Tháinig an nós chun deiridh geall le céad bliain ó shin.
Tionóltar inniu é san oíche i dtrátha na Nollag i gceantar
beag tíre idir Y Bala agus Y Trallwng (Welshpool).
Deirtear ’Pliogaidhn’.
Cyflaith: deirtear ’cobhlaidht’ (beagnach!).
Nascanna don Ghaeilge / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg / Links to Irish.