Traidisiún Gaelach na hIarmhí

Cé nach bhfuil Gaeltacht anois ann níor thréig an Iarmhí an Ghaeilge riamh

Is beag a cloistear de ghnáth faoi oidhreacht na Gaeilge i gcontaethe nach mbíonn Gaeltachtaí iontu faoi láthair. Ba shuimiúil dom mar sin teacht ar leabhar* faoi thraidisiún Gaelach mo chontae féin i leabharlann Mhuileann gCearr le déanaí.

Bunaíodh an contae in acht Parlaiminte i 1542 nuair a scoilteadh na críocha mínte in oirthear na Mi ó “the West part thereof, laide about and besette with divers of the king’s rebells𔄙, ach téann stair na háite i bhfad siar ón acht sin. Is sa dréacht seo tíre a tharlaíonn na heachtraí ins na finscéalta ‘Oidhe Chlainne Lir’ agus ‘Oidhe Chlainne Uisnigh’ agus ba ar Loch Dairbhreach a chaith Clann Lir a chéad seal aimsire mar cheithre eala, de réir an fhinscéil.

I nDún na Sciath in aice le Loch Aininn bhí cónaí ag ardríthe Uí Néill Theas nuair a bhídís i gceannas ar an tír. Cuirtear i leith Mac Coisi, Ollamh le Maoilseachlain a Dó, an chéad dán sa leabhar: “Dursan mar taoi, a Dhún na Sciath”. Seo an chéad véarsa as:

Dursan mar taoi, a Dhún na Sciath,
Dursan do thriath cen bheith beo
Ardrigh Midhe na múr slím,
A bhás a chuir sinn d’ár seol.

Bhí trí chlann tábhachtacha i stair litríochta na Gaeilge san Iarmhí: muintir Uí Chobhthaigh agus muintir Uí Dhálaigh, clanna a raibh baint acu le cúrsaí filíochta ó thréimhsí ársa, agus na Nuinseannaigh (Nugents), clann Normannach a bhí mór‑le‑rá i dTuaisceart an chontae agus a raibh duine acu ina Bharún Dealbhna.

Maidir leis na Dálaigh, tráchtann Na Ceithre Máistrí ar fhile amháin acu, Cúchonnacht Ó Dálaigh ó Chluain Ioraird, a fuair bás sa bhliain 1139. Bhí cuid d’annálacha na Máistrí bunaithe ar bhailiúchán mór seanchais agus staire a rinne sé, bailiúchán a cailleadh níos déanaí. Seachas Cúchonnacht bhí an clú ba mhó ag Muireadach Albanach Ó Dálaigh a bhí beo i rith an 13ú haois. Bhí ar an Muireadach seo éaló as a thír féin agus dul go hAlbain tar éis dó teacht salach ar thaoiseach éigin de lucht Uí Dhónaill i dTír Chonaill. Is dóichí gurb é ansin a fuair sé a leasainm. D’aistrigh an scoláire Osborn Bergin cuid dá fhilíocht agus foilsíonn an Fágánach dán amháin acu ina leabhar.

Tá níos mó ná dosaen filí de chlann Uí Chobhthaigh a bhfuil dánta leo le fáil fós i láimhscríbhinní. Bhí Aodh Ó Cobhthaigh páirteach i láimhscríbhinn fhada sa bhliain 1710. Tá an cháipéis sin i gColáiste na hOllscoile sa Ghaillimh agus seachas píosaí filíochtaí tá gramadach agus cúpla tráchtas ar phrosóid agus meadaracht na Gaeilge ann. Is dóichí gurb é an Aodh Ó Cobhthaigh céanna a bhí mór‑le‑rá i gciorcail Ghaelacha i mBaile Átha Cliath i dtús an 18ú céad agus ar scríobh an file Tadhg Ó Neachtain faoi mar seo:

Aodh Ó Cobhthaigh an chroidhe chirt,
An t“ionmhain fíor uasal ionraic ;
Os críoch Írmhidhe ghluais an fe ar,
An Gaodhul saothach, is an seanchadh.

Clann láidir Normannach ab ea na Nuinseannaigh, a bhí dílis don údarás Sasanach go dtí aimsir Chromail nuair a chaill siad a gcuid talún. Ag tosú leis an 13ú Barún Dealbhna, i lár an 16ú haois, ghlac siad suim i gcultúr na Gaeilge agus bhí níos mó na file amháin ina measc, go háirithe Uilleam Nuinsean (1550 – 1625) agus Séamas Dubh Nuinseann (d’éag 1673). Thug siad patrúnachas do scríbhneoirí eile agus bhí siad i mbun bailiúcháin mhóir fhilíochta ‘The Book of Delvin’ a chur le céile. Tá an lámhscríbhinn seo sa Leabharlann Náisiúnta.

I measc na n“eachtraí eile a dtráchtann an tUasal Ó Fagáin orthu caithfear focal a rá faoin “Abjuration” sa Mhuileann gCearr ag tús an 18ú haois. Cúis mhór chonspóide sa chontae ab ea é nuair a thug roinnt sagart ón cheantar mionn ag séanadh na Stiobhartach. Bhí na filí áitiúla go gníomhach á léasadh sa Ghaeilge is sa Bhéarla. Dar leis an Uasal Ó Fagáin léiríonn sé sin chomh láidir is a bhí an cultúr Gaelach sa chontae agus sa Mhuileann gCearr féin faoin am sin cé gur thosaigh an Béarla ag brú isteach chomh luath agus lár an 16ú haois.

Bhí an Ghaeilge i gcónaí níos láidre i dTuaisceart an chontae agus bhí ‘Gaeltacht’ sa cheantair Dealbhna agus Fobhar beagnach go dtí am an Ghorta Mhóir. Tá beagán eolais againn faoi choláiste Gaelach a bhí lonnaithe i gceantar Thobar Coill thart fá 1740, faoi stiúr Mhuiris Uí Fhearghaíle. Ceaptar gurb é seo an Muiris Ó Fearghaíl céanna a scríobh gramadach na Gaeilge, foclóir áitiúla agus Teagasc Críostaí in Alcala na Spáinne thart fá 1735. Piocann an Fágánach téarma amháin amach as an bhfoclóir, ‘píobaire samhraidh’ (‘grasshopper’) nach bhfuil le fáil fiú i bhfoclóir Uí Dhuinnín, adeir sé!

Tá an chosúlacht air mar scéal gur thosaigh an Ghaeilge ag meath go tapaidh sa chontae ag deireadh an 18ú haois. Bhí lucht labhartha na Gaeilge laghdaithe go dtí b’fhéidir 2,000 sa bhliain 1851 agus go dtí 338 i ndaonáireamh 1891. T’éis sin thosaigh na figiúií sna daonáirimh ag dul i méid go dtí go raibh níos mó ná 2,000 daoine le Gaeilge ann arís i ndaonáireamh 1911. Deir an Fágánach gur daoine óga a bhí ag foghlaim na Gaeilge faoi thioncar Chonradh na Gaeilge a bhí i gceist.

B’fhéidir gur fíor dó é, mar adeir sé sa leabhar seo, nár chailleadh an teanga go hiomlán as an gcontae riamh. Nuair a bhí mise óg, áfach, ní bheadh mórán tráchta uirthi amach as an scoil. Athraíonn rudaí, áfach, agus faoi láthair tá cúpla gnóthaí beaga sa Mhuileann gCearr ag baint feidhm as an nGaeilge i gcomharthaI agus ag fógairt go bhfuil siad toilteanach gnó a dhéanamh tríd an teanga. Tá naíonra agus gaelscoil ann agus chonaic mé trácht le déanaí sa ‘Westmeath Examiner’ faoi lárionad nó cultúrlann na Gaeilge atá idir lámha ag grúpa éigin sa bpríomhbhaile. Is dóichí nach bhfuil stair na Gaeilge sa chontae críochnaithe fós.

©: Patrick Egan, 1996.

An Briathar Saor Uimh. 4

Abhaile / Home