Uileloscadh na hÉireann

Uileloscadh na hÉireann

Roinnt blianta ó shoin chuir Coinneach Dearg Livingstone olc ar chuid mhaith daoine nuair a rinne sé chomparáid idir an Gorta Mór san aois seo chaite agus Uileloscadh na nIúdach san aois s’againne. Fuair sé an comparáid sin ó staraí cáiliúil Sasanach, an tOllamh A J P Taylor, nach maireann.

Toisc gur iris Ghaelach atá san ‘Briathar Saor’ beidh a fhios ag léitheoirí gur seachas bunú Mhaigh Nuad gurbh é an Gorta Mór an buille ba throime i gcoinne na teanga dúchais. Leis an méid sin a chur san áireamh is iontach chomh tearc is atá taighde ar an bhfeinimeán chomh tubaisteach sin ag staraithe Éireannacha.

Is í an stair oibiachtúil atá á scríobh ag na hAthbhreithiúnaithe dar leo féin. Ó bheith ag léamh a gcuid staire cheapfá gurbh fhíor-dhaonchairde iad na Sasanaigh maidir leis a réimeas in Éirinn. Sin é an fáth go raibh eagla ar na Bréagstaraithe sin taighde cruinn a dhéanamh ar an nGorta Mór. Is ar éigin go raibh mórán daonchairdis ag baint leis.

Ait go leor is a bhuíochas dona leabhar 'The Reason Why' faoin gCogadh Criméach a tháinig bean ardnósach Shasanach de thaisme ar an nGorta. Bhí an Tiarna Leamchán (Lucan) páirteach i ruathar na Briogáide Eatroime. Cé go bhfuil Lucan cóngarach don ardchathair bhí sé ina thiarna talún neamhchónaitheach agus talamh aige i gContae Mhaigh Eo. Spreag an cúlra sin Bean Woodham-Smith chun leabhar eile a scríobh, ‘The Great Hunger’, agus ní raibh an leabhar sin as cló ó shoin.

Ní dóigh liom gur thaitnigh na hÉireannaigh ró-mhór le Charles Dickens. Ach measaim gurbh é a charactar, Ebenezer Scrooge, a nochtaigh meon rialtas na Sasanach maidir leis an nGorta Mór. Bhí feidhm leis chun “decrease the surplus population ...” in Éirinn.

Fiú muna bhfuil fonn ar na Bréagstaraithe scrúdú cruinn a dhéanamh ar an nGorta tá sé beo i gcuimhne na ndaoine. Osclaíodh teach mór, Strokestown House, Contae Ros Comáin, mar iarsmalann an Ghorta Mhóir. Céad go leith bliain ó shoin bhí an tUinéir, Major Denis Mahon, an-díograiseach chun a chuid tionóntaí a dhíshealbhú. Ní nach ionadh maraíodh é! Sa chontae chomharsanach, Maigh Eo, tionóladh Siúlóid Bhliaintúil an Ghorta Mhóir chun na daoine bochta anaithnid tréigthe sin a chomóradh. Tá sé an-oiriúnach go mbíonn Dúchasaigh Mheireánacha páirteach ann. Fuair na mílte Dúchasach bás agus iad á ruaigeadh as a gceantar dúchais.

Cuireadh coistí cuimhneacháin ar bun in Éirinn agus i Meiriceá. Is é mo thuairim gur i Londain a cuireadh an chéad cheann ar bun agus Pól Ó Fionnagáin a bhí taobh thiar de. Eagraíodh sraith léachtai i Londain. Go dtí Samhradh 1994 chualathas mar léachtaí Gearóid Ó Tuathaigh (Gaillimh), Cormac Ó Gráda (Baile Átha Cliath), Breandán Bradshaw (Cambridge), Joe Lee (Corcaigh) agus Peter Grey (Cambridge). Más rud é go bhfuil fonn oraibh cuidiú leis an obair tig libh síntiús £5 a chur chuig Pól Ó Fionnagáin : Cumann Chuimhneachán Ghorta Mór na hÉireann, 84 Harrowdene Road, Wembley, Middlesex, HAO 2JF. Guthán/ facs 081 907 3799.

Anois, tá dhá cheist agam, agus b’fhéidir go mbeadh freagraí ag léitheoirí. Cén dáta a foilsíodh eagar-fhocal ‘The Times’ faoi ghanntanas Ceilteach cois Sionainne? Agus an fíor é sin gur thug Banríon Victoria £5 don Choiste Faoisimh an Ghorta?

Scríofa ag Pádraig Ó Conchúir.

******************

An Briathar Saor Uimh. 2

Nascanna don Ghaeilge / Links to Irish / Gorgysylltiadau i'r Wyddeleg

Leathanach Baile / Home