Na hÉireannaigh i Wrexham 1845-1852

Thíos Seal agus Thuas Seal a Bhí Muintir na hÉireann i Wrexham fadó.

Sprioc an léirithe seo is ea dearcadh phobal Wrexham i leith mhuintir na hÉireann i Wrexham, maille lena gcreideamh is a n-iompar i ndiaidh an Ghorta Mhóir, a mheas.

Úsáideadh an phríomh fhoinse, an ‘Wrexham Advertiser’, taobh le sonraí an Daonáirimh, 1851, agus an Tuarascáil Sláinte a chum George T. Clark i 1849.

Foilsíodh an ‘Wrexham Advertiser’ don chéad uair ar 18 Eanáir, 1850, mar iris mhíosúil. Díoltaí 1,000 cóip de i mbaile le líon daoine de 6,705 agus geall le 231 a rugadh in Éirinn san áireamh. Sin mar mar a bhí ar oíche an Daonáirimh, a tharla díreach le linn ‘Aonach na Márta’ bliaintiúil a bheith ar siúl. Bhí an ‘Ceantar Éireannach’, mar a aithnítí é, lonnaithe sa chuid is boichte den bhaile, sé sin, Mount Street agus na caolsráideanna maguaird. Sa Tuarascáil Sláinte 1849 tá tagairt dos na “bréanlaigh is cróite muc” sa Cheantar Éireannach. Pléadh moltaí an rialtais a tháinig i ndiaidh na tuarascála seo san ‘Wrexham Advertiser’, le fuinneamh, go háirithe ag na híocóirí rátaí, a chuir ina gcoinne mar go mbeadh orthu íoc as na feabhsúcháin.
Le linn an dá bhliain ina dhiaidh sin déantaí saintagairtí do na hÉireannaigh, chomh maith le tagairtí impleachtaithe dóibh tríd a gcreideamh is tríd a n-oideachas, san ‘Wrexham Advertiser’. I mí na Samhna 1851, ag cruinniú des na ‘Friends of Stansty’, do mhol Mr. T. Edgeworth go n-ólfai sláinte le pósadh an Hon.Thomas Ffrench, as Contae na Gaillimhe, le Miss Thompson, iníon John Thompson, dílseánach guail agus mianra, ó Stansty Hall, Wrexham, sa tSéipéal Caitiliceach, King Street, a cheiliúradh.
Tuairiscítear go ndúirt sé: “Tá cur amach éigin agam faoi mhianach na nÉireannach; níl cine níos uaisle, ná níos saoire a gcroíthe, le fáil sa domhan.” (Tógadh gártha molta don óráid).
Maidir le Caitiliceas in atmaisféar Neamhaontach na laethanta úd, in Eanáir, 1850, faoin cheannlíne ‘Papal Furore’ faoi bhunadh an Chliarlathais Chaitilicigh i Sasana is sa Bhreatain Bheag ag an bPápa sa Róimh, deir an tEagarthóir: “Cuirtear in aghaidh intinne is teagaisc an Pháipearachta trí gach slí chóir, ach ná baintear de na Caitilicigh an tsaoirse atá ag na Neamhaontaigh eile.”
Leanadh é sin i mí na Feabhra le litir ó “P”, faoi chonas bac a chur ar Pháipearacht inar scríobh sé: “Dá mbeadh ministrí Eaglasta is Easaontacha chomh dúthrachtach leis an Sagart Caitiliceach Rómhánach lena dhíograis bhuanseasmhach dochloíte” agus an “intinn a leagann sé ar cuairteanna a thabhairt ar na siléir is ar na cúirteanna mar a chruinnítear le chéile an méid sin duáilcí is ainnise saolta, ní bheadh aon eagla orainn roimh cheannasaíocht an Phápa ná roimh a ionsaí ach oiread.” Tá tagairtí eile don ‘Deontas Mhá Nuad’.
Maidir le hoideachas: “tá moladh go leor tuilte ag an Oirmhinneach Harverd as siocair na suime móire a chuir sé i rath na scoile i Bank Street, agus as siocair a iarrachtaí gan staonadh leis an rath sin a bhaint amach.”
Léirítear teorainneacha na foinse is tábhachtai in alt an Eagarthóra in Eanáir, 1852. Nocht sé nach raibh an dara rogha aige ach éirí as coimrithe míosúla imeachtaí coitianta maille le tuairiscí faoi nuacht áitiúil a chur i gcló de dheasca Cáin Stampdhleachta a bheith curtha ar nuachtáin. D’fhéadfaí toirmeasc dá bharr a bheith leagtha ar na hirisí míosúla go léir a raibh cáilíochtaí nuachtán ag baint leo.
B’fhéidir gurb é seo an fáth nach bhfuil aon tuairiscí dá sórt faoi choireanna agus na hÉireannaigh, cosúil leis an gcur síos seo san Caernarfon and Denbigh Herald, Eanáir, 1846:

“Gearradh píonós sé mhí i bpriosún maille le dian-obair ar Jane O’Neill mar gur ghoid sí ó Joseph Phillips sa tábhairne “The Pigeons”, do bhí i Wrexham - Déardaoin - ar aonach.”

Tuairisceoireacht níos mó ná a malairt a bhíonn le léamh, rud a dheimhnítear in Eagarfhocal, Eanáir, 1852, nuair a deir an tEagarthóir, Mr. W. B. Bayley, gurb é a phríomh sprioc ná “aon rud atá cothrom cóir cothromasach, aon rud atá dírithe ar ár leas áitiúil, aon rud a chothaíonn mothúchain chairdiúla, a chur chun cinn.”; nó arbh fhéidir go raibh baint idir dhearcadh an Eagarthóra agus é a bheith pósta le bean Éireannach!
Tá bonn leis an smaoineamh go ndearbhaíonn na fionnachtana thuas cuid éigin den dearcadh socruithe, sé sin go mbíonn cónaí go minic ag na hÉireannaigh ins na ceantair is boichte, agus téann na tagairtí dímheasúla sa Tuarascáil Sláinte leis an dearcadh sin. Bréagnaíonn na tagairtí dos na hÉireannaigh san ‘Wrexham Advertiser’, áfach, an dearcadh socruithe dímheasúil chomh fada is a bhaineann sé le cathracha is le bailte níos mó in áiteanna eile.

Foinsí:
1.Daonáireamh 1851 13 & 14 Vict; C 53: Ruthin Record office.
2.Health Report 1849. Report to the General Board of Health by George T. Clark: Cartrefle College Library.
3.Wrexham Advertiser 1850-1852: Wrexham Library.
4.Caernarfon and Denbigh Herald: Ruthin Record Office.
©: Maureen Thomas, Wrexham, 1996.
Aistriúchán ón Bhéarla : Comhluadar Chaerdydd.

An Briathar Saor Uimhir 4.

English.

Abhaile / Home.